Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 24 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm XXIV. Coṁṫarraḋa fir áitíuġaḋ ríġeaċd Dé.
Psalm Ḋáiḃi.

1 As leis an TTIĠEARNA an talaṁ, agus a iomláine; an sáoġal, agus an ṁéid áitreaḃas ann.

2 Oír do ṡuiġiḋ é air na huisgeaḋuiḃ, agus do ḋaingniḋ é air na tuiltiḃ.

3 Cía raċus súas a slíaḃ an TIĠEARNA? agus cía ṡeasfas ion ionad náoṁṫa?

4 An té agá ḃfuil láṁa glana, agus croiḋe fíorġlan; noċ nar ṫóg súas a anum ċum díoṁaoinis, agus naċ ttug a ṁionna ċum ceilge.

5 Do ġeaḃa sé beannuġaḋ an TIĠEARNA, agus fíréuntaċd ó Ḋía a ṡlánuiġṫe.

6 Isé so ginealaċ na druinge íarras é, noċ íarrus do ġnuis, a Ḋía Iácob. Selah.

7 O siḃsi a ġeatuiġe, tógḃuiḋ súas ḃur ccinn; agus tógḃuiḋ súas siḃ féin, siḃsi a ḋóirse síorruiḋe; agus tiucfaiḋ Ríġ na glóire a steaċ.

8 Cía hé an Ríġsi na glóire? An TIĠEARNA láidir agus cuṁaċdaċ, an TIĠEARNA cuṁaċdaċ a gcáṫ.

9 O siḃsi a ġeatuiġe, tógḃuiḋ súas ḃur ccinn; agus togḃuíḋ súas siḃ féin, siḃsi a ḋoirse síorruiḋe; agus tiucfaiḋ Riġ na glóire a steaċ.

10 Cía hé an Ríġsi na glóire? TIĠEARNA na slóġ, isé sin Ríġ na glóire. Selah.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan