Psailm 22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm XXII. Gearán Ḋaiḃi ar na ċráḋ; ag tairrgir ar ċéusaḋ Ċriosd. Don ṗríṁḟear ceóil ar Aiieletsahar, Psalm Ḋáiḃi. 1 Mo Ḋía, mo Ḋía, cred fár ṫréigis mé? agus tú a ḃfad óm ṡlánuġaḋ, ó ḃriaṫruiḃ mo ġárṫa? 2 Mo Ḋía, coṁaircfim annsa ló, agus ní ċluin tú; annsa noiḋċe, ní ḃfuil suáiṁneas agam. 3 Aċt atá tusa náoṁṫa, ṫusa áitreaḃus a molta Israel. 4 Ionnadsa do ċuireadar ar naiṫre a ndóiġ: do ċuireadar, agus do ṡáor tú íad. 5 Ċugadsa do ċoṁairceadar, agus do sáoraḋ íad: ionnad do ċuireadar a ndóṫċus, agus níor claóiḋeaḋ íad. 6 Aċt peist misi, agus ní duine; scannail na ndaóine, ar mo ṫarcu sniuġaḋ ag an bpobal. 7 Gaċ a ḃfaicionn mé atáid ag magaḋ orum: iompóiġid amaċ a mbéul, croiṫid a cceann, 8 Ag ráḋ, Do ċuir sé a ḋóiġ san TTIĠEARNA go saorfaḋ é: fúasglaḋ sé é, ó tá dúil aige ann. 9 Aċt is tusa ṫug misi amaċ as an mbroinn: ṫug tú orum dóṫċus do ḃeiṫ agam agus mé ar ċíoċuiḃ mo ṁaṫar. 10 Ortsa do teilgioḋ mé ón mbroinn: ó ḃolg mo ṁaṫar is tú mo Ḋía. 11 Ná bí a ḃfad uáim: óir áta buáiḋreaḋ a ngar; óir ní ḃfuil fear cunganta. 12 Do ṫimċiolladar iomad bulóg mé: tairḃ neartṁara Básan ṫangadar am ṫimċioll go cruinn. 13 Dfoscladar a mbeul orum, aṁuil leoṁan ag inġreim agus ag búirfiḋ. 14 Atáim ar mo ḋortaḋ amaċ aṁuil uisge, atáid mo ċnáṁa uile as a nionad fein: is cosṁuil re céir mo ċroiḋe; ar leaġaḋ a meaḋon minniġeaḋ. 15 Atá mo neart ar na ṫiormuġaḋ aṁuil criáiḋ loisge; agus do ċeangail mo ṫeanga dom ġíalluiḃ; agus ṫugais mé go luáiṫreaḋ an ḃáis. 16 Oír ṫangadar madraiḋe am ṫimċioll: díaḋadar coiṁṫionól na ndroċḋaóine am ṫimċioll: do ṫolladar mo láṁa agus mo ċosa. 17 Féaduim mo ċnáṁa uile dáireaṁ: do ċíd síad agus aṁaircid orum. 18 Roinnid méadaċ eaturra, agus do ṫeilgeadar crannċair air mo ċúlaiḋ. 19 Aċt ṫusa a ṪIĠEARNA, na bí a ḃfad úaim: ó mo neart, deiṫfriġ dom ċaḃair. 20 Sáor manam ón ccloiḋeaṁ; mo áon ó neart an ṁadraiḋ. 21 Coiṁéad mé ó ḃéul an leoṁuin: óir do ċúala tú mé ó aḋarcaiḃ na hunicorn. 22 Foillseaċuiḋ mé hainm dom ḋearḃráiṫriḃ: a lár an ċoiṁṫionoil molfa mé ṫú. 23 Siḃsi air a ḃfuil eagla an TIĠEARNA, moluiḋ é; síol Iácob uile, glóruiḋe é; agus bíoḋ a eagla oruiḃ, a ṡíol Israel uile. 24 Oír níor ṫarcuisniġ agus níor ḟuáiṫiġ sé aindese an duine ḃoiċd; agus níor ḟoluiġ a aġuiḋ uaḋa; agus a nuáir do ġoir sé air, do ċaluáiḋ sé. 25 Buḋ tusa ṁolfas mé ann sa ċoṁḋáil ṁóir: coiṁlionfa mé móide ós a ccuinne agá ḃfuil a eagla orra. 26 Iosaid na daoine macanta agus biáid sásta: molfuid an TIĠEARNA an luċd íarrus é: mairfiḋ ḃur ccroiḋe go bráṫ. 27 Cuiṁneoċuid críoċa na talṁan uile é agus iompóċuid ċum an TIĠEARNA: agus do ḋéanuiḋ a nuile ċineaḋ do na geinteiḃ aḋraḋ ós a ċoinne. 28 Oír is leis an TTIĠEARNA an rioġaċt: agus isé is úaċdarán a measc na ccineaḋaċ. 29 Gaċ a ḃfuil reaṁar ar talaṁ íosuid agus do ḋéanaid aḋraḋ: a raċuiḋ síos don luaiṫreaḋ claonfuid ós a ċoinne: agus ní ḋéana aóinneaċ a anam féin do ċongṁáil béo. 30 Do ḋéaná slioċd serḃís dó; áirṁeoċṫar don TIĠEARNA mar ġinealaċ é. 31 Tiucfaid síad, agus foillseóċuid a ḟíréuntaċd don luċd ḃéarṫair, go ndéarna sé é. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society