Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm XX. Guiḋe na heagluisi arson an rí ionna ṫionnsgantaiḃ.
Don ṗríṁfear ceóil, Psalm Ḋáiḃi.

1 Go ccluiniḋ an TIĠEARNA ṫú a ló na buáiḋearṫa; go ccoiṁéaduiġ ainm Día Iácob ṫú.

2 Go ccuiriḋ caḃair ċugad as an tsanctóra, agus go neartuiġe ṫú as Sión.

3 Go ccuiṁniġe ṫofrála uile, agus go niompóiġ ṫioḋbairt loiscṫe a luáiṫ. Selah.

4 Go ttuga ḋuit do réir do ċroiḋe, agus go ccoiṁlíonuiḋ huile ċoṁairle.

5 Do ḋéanam gáirdeaċuis ann do ṡlánuġaḋ, agus a nainm ar Ndé cuirfeam brataċa súas: go ccoiṁlíona an TIĠEARNA huile íarratas.

6 Anois aiṫniġim go slánuiġionn an TIĠEARNA a ungṫaċ; cluinfe sé é ó na ḟlaiṫeasuiḃ neaṁḋa re neart dídin a láiṁe deise.

7 Cuiṁniġiḋ drong air ċarbaduiḃ, agus drong oile air eaċuiḃ: aċt cuiṁneoċaimne air ainm an TIĠEARNA ar Ndé.

8 Tugaḋ a núas íad agus do ṫuiteadar: aċd éirġimidne súas, agus seasamuid go díreaċ.

9 O a ṪIĠEARNA, saḃail: cluineaḋ an ríġ sinn a nuáir ġoirfeam.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan