Psailm 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm II. Gu ttaḃair Críosd búaiḋ amaċ ar a naiṁdiḃ. 1 Cred fa ndéanuid na geinte baóis, agus fa smúainid na daóine díoṁaóineas? 2 Cuirid ríġṫe na talṁan íad féin a cceann a ċéile, agus glacaid na ríaġlóiriġ coṁairle, re ċeile anaġaiḋ an TIĠEARNA, agus a naġaiḋ a ungṫaiġ, ag ráḋ, 3 Briseam ó ċéile a ccuiḃreaċa, agus teilgiom uáinn a cceangail. 4 An té ṡuiġios ansna flaiṫeasuiḃ do ḋéana sé gáire: do ḋéana an TIĠEARNA foċṁuid orra. 5 Annsin laiḃeoruiḋ sé ríu iona ḟeirg, agus cráiḋfiḋ sé íad iona ḋíḃḟeírg. 6 Giḋeaḋ do ċuir misi mo ríġ air mo ċnoc náoṁṫa Sion. 7 Foillseoċa mé an reaċd: a duḃairt an TIĠEARNA riomsa, Is tú mo Ṁac; a niuġ do ġin mé ṫú. 8 Iarr orum, agus do ḃéara mé ḋuit na geinte mar oiġreaċt, agus na codċa is imċéine don talaṁ mar ṡeilḃ. 9 Brisfe tú íad lé slait íaruinn; mionḃruiġfir íad iona ccodċuiḃ mar ṡoiġṫeaċ críaḋ. 10 Bíṫí glic anois uimesin, ó a riġṫe: glacuiḋ teagasg, a ḃreiṫeaṁuin na talṁan. 11 Fóġanuiġ don TIĠEARNA maille le heagla, agus lúaṫgáiriġiḋ maille le creaṫaiḃ. 12 Póguiḋ an Mac, deagla go mbíaḋ sé feargaċ, agus go raċaḋ siḃ a múġa san tsliġe, an tan lasfus a ḟearg ḋá laġad. Is beannuiġ an dream uile, noċ ċuirios a ndóiġ ann. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society