Psailm 19 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm XIX. Gu bfaicṫear gloir Ḋé iona oibriġṫiḃ. 7 Agus a ġrás ina ḃriaṫraiḃ. Don ṗríṁḟear ceóil, Psalm Ḋáiḃi. 1 Foillsiġid na flaiṫis glóir Dé; taisbeanuid na spéiriġ obair a láṁ. 2 Foillsiġiḋ lá urlaḃraḋ do lá oile, agus foillsíġiḋ oiḋċe eagna doiḋċe. 3 Ní ḃfuil coṁráḋ ar biṫ, agus ní ḃfuil focail naċ ccluintear a nguṫ. 4 Téid a líne go fóirleaṫan annsa talaṁ uile, agus a mbríaṫra go deireaḋ an doṁuin. Do ċuir sé páilliun don ġréin ionnta, 5 Noċ atá aṁuil fear mná pósta ag teaċt amaċ, as a ṡeómra, lúaṫġáiriġiḋ sé aṁuil fear neartṁar ag rioṫ coíṁlionga. 6 O ṫéoruinn na ḃflaiṫeas iseaḋ ṫríallus amaċ, agus a ṫimċiollraḋ go nuige a ṫéorannuiḃ oile: agus ní ḃfuil aóinni a ḃfolaċ ó na ṫeas. 7 Atá dliġeaḋ an TIĠEARNA iomlán, ag iompóġ a nanma: is fírinneaċ fiaġnuise an TIĠEARNA, ag déanaṁ an tsimpliġ críonna. 8 Atáid reaċda an TIĠEARNA ceart, ag gáirdiuġaḋ an ċroiḋe: atá áiṫne an TIĠEARNA fiorġlan, ag taḃairt raḋairc do na súiliḃ. 9 Atá eagla an TIĠEARNA glan, ag marṫuin ċoiḋċe: is fírinneaċ breiṫeaṁnusa an TIĠEARNA agus ceart go hiomlán. 10 Mó is cóir a níarruiḋ ná ór, aseaḋ, ná iomad dór ḟínealta: ni is millsi mar an gcéadna ná mil, agus ná seilt ċriaṫar na meala. 11 Leó fós teagasgar do ṡearḃḟoġantuiġ: iona ccoiṁéad atá lúaiġeaċd ṁór. 12 Cía ṫuigfeas a ṡeaċrán? ó ṗeacuiġiḃ foluiġeaċa glansa mé. 13 Mar au ccéadna ó ṗeacuiġiḃ uáiḃreaċa connuiṁ ar ais do ṡeirḃíseaċ; ná bíoḋ cuṁaċda aca orum: annsin ḃías mé díreaċ, agus bíad neiṁċiontaċ ó naindliġeaḋ ṁór. 14 Bídís bríaṫra mo ḃéil, agus smuáineaḋ mo ċroiḋe, ionġaḃṫa ad laṫair, ó a ṪIĠEARNA, mo ċarruic agus mfear fúasguilte. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society