Psailm 18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm XVIII. Caiṫreim, buiḋeaċas, agus faiġeadoireact Ḋaiḃi a ndeireaḋ a ḃeaṫa. Don ṗriṁḟear ceóil, Psalm Ḋáiḃi searḃḟoġantuiġ an TIĠEARNA , noċ do laḃair ris an TTIĠEARNA bríaṫra na cainticesi ansa lá ionar ṡáor é as láṁuiḃ a naṁad uile, agus as láiṁ Ṡauil: agus a duḃairt. 1 Graiḋeoċuiḋ mé ṫú, a ṪIĠEARNA mo neart. 2 An TIĠEARNA mo ċarruic, agus mo ḋaingean, agus mfear sáorṫa; mo Ḋía, mo neart, ióna ccuirfe mé mo ḋóṫċus; mo scíaṫ, agus aḋarc mo ṡlánuiġṫe, mo ionad árd. 3 Goirfe mé air an TTIĠEARNA, nóċ is fíu a ṁolaḋ: agus sáorfuiġṫear óm naiṁdiḃ mé. 4 Do ṫimċiolladar doilġiosa an ḃáis mé: do eagluiġeadar tuilte na neiṁḋíaḋaċda mé. 5 Do ṫimċiolladar doilġiosa ifrinn fa ccuáirt mé: do cuireaḋ líonta an ḃáis as mo ċoinne. 6 Ann maṁgar do ġoireas aír mo ṪIĠEARNA, agus déiġios air mo Ḋía: do ċúaluiḋ sé ó na ṫeampull mo ġuṫ, agus do ċuáiḋ méiġṁe ós a ċoinne, iona ċlúasaiḃ. 7 Ann sin do ċroiṫ agus do ċrioṫnuiġ an talaṁ; agus do ċrioṫnuiġeadar íoċdar na ccnoc agus do ċrioṫeadar íad féin, do ḃríġ go raiḃ teas feirge air. 8 Do ċuáiḋ deataċ súas tré na ṡróin ṗuill agus teine iosa ḃéul ag cnaói: do lás gúal úaḋa. 9 Agus do ċláon sé na neaṁa agus ṫáinic a núas: agus do ḃí dorċadus fa na ċosuiḃ. 10 Agus do ḃí ag marcuiġeaċd ar Ċerub, agus deitil sé; deitil go ro lúaṫ ar scioṫánuiḃ na gaóiṫe. 11 Do rinne a ionad uáigneaċ don dorċadus; uisgeaḋ dorċa agus néulla tiuġa a naiéir bá páilliúin dóma ṫimċioll. 12 On deálraḋ do ḃí as a ċoinne dimṫiġeadar a néulla tiuġa, cloiċṡneaċda, agus gúal teineaḋ. 13 Agus do rinne an TIĠEARNA tóirneaċ annsna neaṁuiḃ, agus ṫug an té is ro áirde a ġuṫ; cloiċṡneaċda agus gúal teineaḋ. 14 Fós, do ċaiṫ sé a ṡoiġde, agus do spréiḋ sé íad; agus do ċaiṫ tinnteaċ, agus do ċlaói íad. 15 Agus do ċonncas aigéun na nuisgeaḋ, agus do noċtaḋ íoċdar an doṁuin ód aċṁusansa, a ṪIĠEARNA, ó ṡoinnéun anála do ṡróna. 16 Do ċuir sé a núas, do ġaḃ sé misi, do ṫarruing sé mé as iomad uisgeaḋ. 17 Do ṡáor sé mé óm náṁuid neartṁuir, agus ón druing do ḟúaṫaiġ mé: óir do ḃádar ro neartṁar orum. 18 Ṫangadar am aġaiḋ a ló mo ṫruáiġṁéile: aċt do ḃí an TIĠEARNA na urrainn agam. 19 Agus ṫug sé amaċ a nionad ḟairsing mé; do ṡáor sé mé, do ḃríġ go raiḃ dúil aige ionnam. 20 Do aisig an TIĠEARNA ḋaṁ do réir mfíréantaċd; do réir ġloine mo láṁ ṫug sé díoluiġeaċd ḋaṁ. 21 Do ḃríġ gur ċoiṁéud mé sliġṫe an TIĠEARNA, agus nar ḟill mé go cionntaċ ó mo Ḋía. 22 Oír do ḃádar a ḃreiṫeaṁnusa uile ós mo ċoṁair, agus níor ċuireas a reaċda uáim. 23 Agus do ḃí mé díreaċ aige, agus do ċoiṁéadas mé féin ó mo ċionntuiḃ. 24 Agus ṫug an TIĠEARNA luáiġeaċd ḋaṁ do réir mfíréuntaċda, do réir ġloine mo láṁ ós coinne a ṡúl. 25 Don trócaireaċ táisbeanfa tú ṫú féin trócaireaċ; ris an duine díreaċ táisbeanfa tú ṫú féin díreaċ; 26 Do nfíorġlan foillseaċṫair ṫú féin fíorġlan; agus leis an cceannaircṫeaċ foillseoċṫair ṫú féin ceannaircṫeaċ. 27 Oír sáorfa tú na daóine buáiḋearṫa; agus ḃéarair na súile ro árda a núas. 28 Oír lasfaiḋ tú mo ċonniol: soillseoċṫuiḋ mo ṪIĠEARNA Día mo ḋorċadus. 29 Oír tré do ċungnaṁso riṫfiod ṫríd ṡlúaġ; agus maille ré mo Ḋía raċad do léim ṫar ḃalla. 30 Do ṫáoḃ Dé, atá a ṡliġe iomlán: do dearḃaḋ bríaṫra an TIĠEARNA: is scíaṫ é do nuile ċuirios a ndoṫċus ann. 31 Oír cía is Día aċt an TIĠEARNA? cia is carruig aċt ar Ndíane? 32 An Día noċ ullṁuiġios mé lé neart, agus do ní mo ṡliġe iomlán. 33 Noċ do ní mo ċosa ionann ré cosuiḃ na neilteaḋ, agus ṡuiġios mé ar mionaduiḃ árda. 34 An té ṁúinios mo láṁa ċum cogaḋ, iondus go mbristior boġa crúaḋa rem láṁuiḃ. 35 Agus ṫuguis ḋaṁ mar an gceudna scíaṫ do ṡlánuiġṫe: agus do ċonnaiṁ do láṁ ḋeas súas mé, agus do ṁéuduiġ do ċeansaċd mé. 36 Fairseonguiḋ tú mo ċoiscéime fúm, agus ní sciorrfuid mo ṡála. 37 Do ḃéar tóruiġeaċt dom naiṁdiḃ, agus béarad orra: agus ní ḟillfe mé go cclaóiḋtear íad. 38 Goinfead íad ṫríoṫa iondus naċ buḋ éidir léo éirġe: tuitfid fam ċosuiḃ. 39 Uillṁeoċuiḋ tú lé neart mé ċum an ċaṫa: claoiḋfiḋ tú an luċd éirġios am aġaiḋ. 40 Agus ṫugais muinéul mo náṁad ḋaṁ; agus na luċd ḟuáiṫiġios mé scriosfa mé íad. 41 Do ḋéanuid éiṁġe, (agus ni ḃiáiḋ áon do ḋéanaḋ a ndídion): ċum an TIĠEARNA, agus ní ċluinfe sé íad. 42 Agus brúiġfe mé íad aṁuil luáiṫreaḋ roiṁe an ngaóiṫ: aṁuil laṫaċ annsna sráidiḃ sailteoruiḋ mé orra. 43 Saorfa tú mé ó imreasain na ndaóine; cuirfir mé mar ċeann air na cineaḋaċaiḃ: daóine nar ḃaiṫne ḋaṁ do ḋéanuid serḃís daṁ. 44 Coṁluaṫ is ċluinfid a ccluas, caiṫfid ḃeiṫ uṁal daṁ: caiṫfiḋ an coigcriġeaċ uṁla do ḋéanaṁ ḋaṁ. 45 Tuitfid na coigcríġ, agus biáiḋ eagla orra as a nionaduiḃ daingne. 46 Mairiḋ an TIĠEARNA; agus go maḋ beannuiġ ḃias mo ċarruic; agus árduiġṫear Día mo ṡlánuiġṫe. 47 An Día noċ do ḃeir dioġaltas ar mo ṡonsa, agus a deir ris na daóiniḃ ḃeiṫ urramaċ ḋaṁ. 48 Sáorfa tú mé óm naiṁdiḃ: iseaḋ, tógfa tú mé ós cionn na druinge éirġios súas am aġaiḋ: sáorfa tú mé ó ḟear a nḟoiréigin. 49 Ar a naḋḃarsin molfa mé ṫú, a ṪIĠEARNA, a measc na ngeinteaḋ, agus canfad molaḋ dot ainm. 50 Noċ do ḃeir fúascluiṫe móra ḋa ríġ; agus ḟoillsiġios trócaire ḋá ungṫaċ, do Ḋáiḃi, agus dá ṡíol go bráṫ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society