Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm XVI. Tearmúnn, coṁluadar, agus aoiḃneas Ḋáiḃi tar eís na heiseirġe.
Psalm órḋa Ḋáiḃi.

1 Cuṁduiġ mé, ó a Ḋé: óir is ionnadsa ċuirim mo ḋóiġ.

2 O mo anam, a duḃairt tú ris an TTIĠEARNA, Is tú mo Ṫiġearna: ní roiċionn mo ṁaiṫ ċugadsa;

3 Aċt ċum na náoṁ atá air talaṁ, agus ċum na noirḋearc, iona ḃfuil mo uile ṫaitneaṁ.

4 Méideoċar a ndóḃrón, noċ ḃrostuiġios a ndiáiġ día oile: a ndeoċíoḋbarṫa fola ni ofrála mé, ní ṫógfa mé súas a nainm ċum mo ṗus.

5 Isé an TIĠEARNA coṁroinn moiġreaċda agus mo ċupáin: coṫuiġionn tú mo ċrannċair.

6 Do ṫuiteadar na coṁarṫaḋa ċugamsa a nionaduiḃ ṫaitneaṁaċa; fós, atá oiġreaċd ṁaiṫ agum.

7 Beinneoċa mé an TIĠEARNA, noċ ṫug coṁairle ḋaṁ: do ṫegaisgeadar mo ḋuḃáin mé mar an ccéadna a naimsir na hoiḋċe.

8 Do ċuirios an TIĠEARNA do ġnáṫ ós mo ċoinne: do ḃríġ go ḃfuil sé air mo láiṁ ḋeis, ní ċorroċṫar mé.

9 Uime sin atá mo ċroiḋe lúaṫġáireaċ, agus gáirdiġiḋ mo ġlóir: coiṁneoċuiḋ mo ċolann mar an ccéadna a ndóṫċus.

10 Oír ní ḟágfa tú manam a nifrionn; ní mó ḟuileongṫair truáilliuġaḋ dfaicsin dot Aon Naoṁṫa féin.

11 Taisbeanfa tú ḋaṁ casáin na beaṫa: ad laṫairsi atá líonṁaireaċd lúaṫġáire; air do láiṁ ḋeis atá sáiṁe go síoṫḃúan.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan