Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm XV. Eisiomplar áitreaḃṫaċ riġeaċt Dé.
Psalm Ḋáiḃi.

1 A ṪIĠEARNA, cía ċoiṁneoċus ann do ṫabernacuil? cía áitreoḃus ann do ċnoc náoṁṫa?

2 An té ṡiuḃluiġios go díreaċ, agus oibriġios fíréantaċd, agus laḃrus a nfírinne iona ċroiḋe.

3 An té naċ déan iṫiomráḋ le na ṫeangaiḋ, is naċ déan olc dá ċoṁarsuin, is naċ ttógḃann súas míoċlú a naġaiḋ a ċoṁarsan.

4 An té a ttarcuisniġṫear an droċḋuine iona ṡúiliḃ; aċd onóruiġios an dream air a mbí eagla an TIĠEARNA. An té noċ ṁionnuiġios ċum a ḋioġḃála féin, agus naċ malartuiġionn.

5 An té naċ ccuireann amaċ a ċuid airgid cum úsúireaċda, is naċ glacann luáiḋeaċd a naġaiḋ na neiṁċiontaċ. An té do ní na neiṫeso ni háṫroċṫair é go bráṫ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan