Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 149 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm CXLIX. Caintic ḃuaġaċ na bfear ḃeannuiġte, faḋeire.

1 Moluiḋ an TIĠEARNA. Canuiḋ don TIĠEARNA caintic núaḋ, bíoḋ a ṁolaḋ a gcioṁṫionól na náoṁ.

2 Déanaḋ Israel lúaṫġáire iona crúṫaiġṫeóir: déindís clann Ṡíon sólás ann a Ríġ.

3 Molaidís ainm air bpíob: air an tábur mbig agus air an gcláirsiġ canaidis salm ḋósan.

4 Oír atá dúil ag an TTIĠEARNA iona ḋaóiniḃ: scéiṁiġ sé an ceannsuiġ ré slanuġaḋ.

5 Déanaidís na naóiṁ lúaṫġáire a nglóir: coṁġáirdís iona leabuiḋ.

6 Bíḋ árdṁoluḋ Dé ann a mbéul, agus cloiḋíoṁ ḋá fáoḃar iona láiṁ;

7 Do ḋeanaṁ dioġaltais air na geintiḃ, smaċtuiġṫe air na daoiniḃ;

8 Do ċeangal a riġṫe lé slaḃraḋuiḃ, a nuaisle lé fáinniġiḃ íaruinn;

9 Do ċur an ḃreiṫeaṁnuis scríoḃṫa a gcríċ orra: is onóir so ḋá náoṁuiḃ uile. Moluiḋ an TIĠEARNA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan