Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 148 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm CXLVIII. Is cuḃaiḋ do ċréatuiriḃ neaṁḋa, 7 do ḃeaṫáċáiḃ talṁuiḋe, 11 agus do ḋáoiniḃ tuigsionaċa, Día do ġloruġaḋ.

1 Moluiḋ an TIĠEARNA. Moluiḋ an TIĠEARNA ó na neaṁuiḃ: moluiḋ é annsna hárduiḃ.

2 Moluiḋ é, a aingle féin uile: moluiḋ é, a ṡlúaġ uile.

3 Moluiḋ é, a ġrían agus a ġealaċ: moluiḋ é, a uile réulta an tsoluis.

4 Moluiḋ é, a neaṁa na neaṁ, agus na huisgeaḋa atá os cionn na neaṁ.

5 Molaidís ainm an TIĠEARNA: óir do aiṫin sé, agus do cruṫuiġeaḋ íad.

6 Agus do ḋaingniḋ sé ċoiḋċe, agus go bráṫ íad: ṫug sé reaċd úaḋ agus ní sáireoċṫar í.

7 Moluiḋ an TIĠEARNA ón ttalaṁ, a ḋragúna, agus a uile ḋoiṁne:

8 Teine, agus cloiċṡneaċda; sneaċda agus deaṫuiġ: gáoṫ anfaḋaċ ag coiṁliónaḋ a ḃréiṫre.

9 Na sléiḃte, agus na huile ċnoic; croinn ṫoraiḋ, agus a nuile ṡéadar:

10 An beaṫaċ allta, agus a nuile ainṁiḋe; gaċ ní ṡnáiġios, agus éunlaiṫ eitiolus:

11 Ríġṫe na talṁan, agus na huile ḋaoine; prionnsoiġe, agus uile ḃreiṫeaṁuin na talṁan:

12 Oígḟir, agus fós maiġdiona; seandaóine, agus leiniḃ:

13 Molaidís ainm an TIĠEARNA; óir atá a ainm aṁáin ar na árduġaḋ go hoirḋeirc; atá a ġlóir ós cionn na talṁan agus na neaṁ.

14 Agus dárduiġ sé aḋarc a ḋaóine, molaḋ a náoṁ uile; ċlanna Israel, na daoine atá a ḃfogus dó. Moluiḋ an TIĠEARNA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan