Psailm 147 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm CXLVII. Is ionṁolta Día, do ċionn, 12 gur neart na riġeaċta é, 19 agus na heagluise. 1 Moluiḋsi an TIĠEARNA: óir is maiṫ sailm do ċanaḋ dár Ndía; óir is daṫaṁuil; agus is aóiḃinn a ṁolaḋ. 2 Foirgniġe an TIĠEARNA Ierusalem: cruinniġ sé a gceann a ċéile díbearṫoiġ Israel. 3 Leiġiosuiġ an briste a ccroiḋe, agus ceangluiġ súas a ndoilġiosa. 4 Aírṁiġ sé úiḃir na réultann; do ḃeir sé anmanna orra uile. 5 Is mór an TTIĠEARNA, agus is mór ċuṁaċtaċ: ní ḃfuil áireaṁ ar a ṫuigsin. 6 Togḃuiḋ an TIĠEARNA súas an ceannsuiġ: teilgiḋ an ciontaċ síos ċum na talṁan. 7 Canaiḋ don TIĠEARNA ré molaḋ; canaiḋ sailm ċum ar Ndé air an gcláirsiġ: 8 Noċ ḟolċus neaṁ ré néulluiḃ, noċ ullṁuiġias fearṫuinn don talaṁ, noċ do ḃeir air ḟéur fás air na sléiḃtiḃ. 9 Do ḃeir sé do nainṁiḋe a ḃíaḋ, agus do na fíaċoiḃ óga noċ ġáirios. 10 Ní ḃí a ḋúil a neart a neiċ: ní ḃíonn dúil aige a ccosaiḃ an duine. 11 Bí dúil aig an TTIĠEARNA annsa luċt air a mbí a éagla, noċ ċuirios dóiġ iona ṫrócaire. 12 Mol an TIĠEARNA, ó Ierusalem; molsa do Ḋía, a Ṡíon. 13 Oír do neartuiġ sé barraḋa do ḋoirsi; do ḃeannuiġ sé do leiniḃ ann do ṁeaḋón. 14 Suiġiḋe sé síoṫċáin ann himiol, lé méaṫas cruiṫneaċta sásuiġe sé ṫú. 15 Cuiriḋ sé a ráḋa air án ttalaṁ: is ro lúaṫ riṫios a ḃríaṫar. 16 Do ḃeir sé úaḋ sneaċta aṁuil olann: spréiḋe sé an sioc liaṫ aṁuil luáiṫ. 17 Teilgiḋ sé amaċ a leac oiḋre mar ġreamanna: cía ḟéadas seasaṁ ós cuinne a ḟúaċd? 18 Cuiriḋ sé a ḃríaṫar úaḋ, agus leaġa sé íad: seidfe lé na anáil, agus riṫid na huisgeaḋa. 19 Foillsiġe sé a ḃríaṫar do Iácob, a statúidiġ agus a ḃreiṫeaṁnuis Dísraél. 20 Ní ḋéarnuiḋ aṁluiḋsin do ċineaḋ ar biṫ: agus a ḃreiṫeaṁnuis, níor ḃaiṫne ḋóiḃ íad. Moluiḋ an TIĠEARNA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society