Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 145 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm CXLV. Psalm buiḋeaċuis, arson ṁóirġnioṁa agus ṁórṫrócaire Dé.
Psalm molta Ḋáiḃi.

1 Molfa mé ṫú ós áird, mo Ḋía, a ríġ; agus beinneoċad hainm ċoiḋċe, agus go bráṫ.

2 Gaċ áon lá beinneoċaiḋ mé ṫú; agus molfad hainm ċoiḋċe agus go bráṫ.

3 Is mór an TIĠEARNA, agus is ionṁolta go ro árraċta; agus ní ḃfuil cúartuġaḋ air a ṁórḋaċt.

4 Molfa geinealaċ hoibreaċa do ġeinealaċ oile, agus foillseoċaid do ġnioṁa cuṁaċtaċa.

5 Laiḃeora misi air ḋaṫaṁlaċt glóire do ṁórḋaċta, agus air do ġníoṁuiḃ iongantaċa.

6 Agus laḃeoruid dáoine air neart do ġníoṁ uaṫḃásaċ: agus foillseoċa misi do ṁórḋaċd.

7 Laiḃeoruid síad ós áird cuiṁne do ṁaiṫeasa móire, agus canfuid ṫfíréantaċd.

8 Atá an TIĠEARNA grásaṁuil, agus lán do ṫruáiġe; fadḟuilingṫeaċ, agus mórṫrócaireaċ.

9 Is maiṫ an TIĠEARNA do nuile: agus atá a ṫrócaire ċinealta ós cionn a oibreaċ uile.

10 Molfuid hoibreaċa uile ṫú, a ṪIĠEARNA; agus beinneoċuid do naóiṁ ṫú.

11 Laiḃeoruid síad ar ġlóir do rioġaċd, agus do ḋéanaid caint air do neart;

12 Do ċur a ṁóirġníoṁa agus ṁórḋaċd ġlórṁar a rioġaċta, an uṁail do ċloinn na ndaoine.

13 Is rioġaċt síorruiġ do rioġaċtasa, agus do ċuṁaċda tre nuile ġinealaċ.

14 Congṁaiḋ an TIĠEARNA súas gaċ a mbí ag tuitim, agus tógḃuiḋ súas a núile ċlaonas síos.

15 Feiṫċid súile a nuile ortsa; agus do ḃeir tú a mbíaḋ ḋóiḃ íona am féin.

16 Fosclaiḋ tú do láṁ, agus sásuiġ tú mían a nuile neiṫe béo.

17 Is fíréunta an TIĠEARNA iona ṡliġṫiḃ úile, agus is náoṁṫa iona oibriġ uilé.

18 Is fogus an TIĠEARNA da gaċ aon ġoirios air, do gaċ áon ġoireas air a ḃfírinne.

19 Coiṁlíonfa sé mían na druinge air a ḃfuil a eagla: agus cluinfe sé a ngáir, agus sáorfa sé íad.

20 Coiṁéaduiġ an TIĠEARNA an ṁéid ler bionṁuin é: agus scriosfa se na huile ċiontoiġ.

21 Laiḃeoruiḋ mo ḃéul molaḋ an TIĠEARNA: agus beannuiġeaḋ a nuile ḟeóil ainm a naoṁṫaċda ċoiḋċe agus go bráṫ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan