Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 141 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm CXLI. Guiḋe ar a iarratas do ṫaitneaṁ ré Día, 5 agus ar aċṁusan ḃeiṫ tarḃaċ ó ḋaoiniḃ.
Psalm Ḋáiḃi.

1 A ṪIĠEARNA, éiġim ċugadsa: déan deiṫfir ċugam; taḃair éisteaċt dom ġuṫ, an tan ġairim ort.

2 Bíoḋ murnaiġ ar na díriuġaḋ ós coinne haiġṫe mar ṫúis; tógḃáil súas mo laṁ mar íoḋbairt an tráṫnóna.

3 Cuir a ṪIĠEARNA, faire, air mo ḃéul; coiṁéad dorus mo ṗuisineaḋ.

4 Ná cláon mo ċroiḋe ċum droiċneiṫe, ċum droiċġníoṁa do ḋéanaṁ ré daóiniḃ noċ oibriġios urċóid: agus ná léig ḋaṁ iṫe dá mbíaḋuiḃ millsi.

5 Buaileaḋ an fíreun mé; buḋ cineul ḋaṁ sin: fós imḋeargaḋ sé mé; buḋ ola mórlúaiġe sin, naċ brisfiḋ mo ċeann: biáiḋ fós mo ġuiḋe léo iona nanacair.

6 Mar ḃéid a mbreiṫeaṁuin ar na tteilgionn síos lé táoḃuiḃ na cairge, annsin cluinfid mo ḃríaṫrasa; óir is aóiḃinn íad.

7 Mar ṫoċlas neaċ agus scoiltios sé connaḋ air an ttalaṁ, atáid ar gcnáṁa ar na sgacaḋ a ttimċioil ḃéil na huáiġe.

8 Aċt ċugadsa a Ḋía mo ṪIĠEARNA, atáid mo ṡúile: ionnadsa do ċuir mé mo ḋóiġ; na léig manam gan dídean.

9 Cuṁduiġ mé ar neart an ṗaintéar noċ do ṡuiġeadar am ċoinne, agus air innliḃ luċta oibriġṫe na hurċóide.

10 Tuiteaḋ na ciontuiġ iona líontaiḃ féin, an feaḋ ḃías misi ag dúl ṫairis.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan