Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 138 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm CXXXVIII. Buiḋeaċas na ndaóine tar éis a saóraḋ.
Psalm Ḋáiḃi.

1 Molfa mé ṫú lem uile ċroiḋe: ós coinne na ndée canfa mé salm ḋuit.

2 Do ḋéana mé aḋra ċum páláis do náoṁṫaċta, agus molfa mé hainm ar son do ṫrócaire agus ṫfírinne: óir do ṁóraiḋ tú do ḃríaṫar red ainm uile.

3 Annsa ló mar do ġáir mé do ḟreagair tú mé, do ḟairsingiḋ tú neart ann manam.

4 A ṪIĠEARNA, molfaid ríġṫe na talṁan ṫú, óir do ċualadar bríaṫra do ḃéil.

5 Agus do ḋéanaid céol a sliġṫiḃ an TIĠEARNA: óir is mór glóir an TIĠEARNA.

6 Bíoḋ gur hárd an TIĠEARNA, giḋeaḋ do ċí sé an túṁal: agus aiṫniġe sé an tuáiḃreaċ a ḃfad úaḋ.

7 Má ṡiúḃluim a meaḋón an ċúṁgaiḋ, aiṫḃeoċuiḋ tusa mé: ar son ḟeirge mo náṁad sínfe tú úait do láṁ, agus tárṫocair mé lé do láiṁ ḋeis.

8 Coiṁlíonfa an TIĠEARNA a obair ar mo ṡonsa: atá do ṫrócaire, a ṪIĠEARNA, go síorruiḋe: ná tréig obair do láṁ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan