Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 137 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm CXXXVII. Ḃádar na Iuduiġe bunaiteaċ ina ccreidiṁ, fa ḃruid Ḃábiloin.

1 Laiṁ ré sroṫaiḃ Ḃabilón, ann sin do ṡuiġeamar, do ġuileamar, fós, mar do ċuiṁniġeamar Síon.

2 Do ċroċamar ar gcláirseaċa air ḟuileógaiḃ iona méaḋón sin.

3 Oír annsin díarradar an luċt do rug a láiṁ sinn ceóil ḋín; agus an dream do rinne carnáin dínn lúaṫġaire, ag ráḋ, Cánaiḋ ḋúinn cuid do ċáinticiḃ Síon.

4 Cionnus ċánfam cáintic an TIĠEARNA a ttalaṁ coiṁṫiġṫeaċ?

5 Má ḋearmaduim ṫusa, ó Ierusalem, dearmadaḋ mo láṁ ḋeas a gliocas.

6 Ceanglaḋ mo ṫeanga dúaċtar mo ḃéil, muna ccuiṁniġe mé ortsa; muna ttogfa mé Ierusalem ós cionn mullaiġ mo ṡóláis.

7 Cuíṁniġ, a ṪIĠEARNA, clann Edom a ló Ierusalem; noċ a duḃairt, Toċlaiḋ, toċlaiḋ í, go nuige a híoċdar.

8 O a inġean Ḃabilón, noċ ḋíoṫláiriġear; buḋ sona an té aiṫḋíolfas leatsa do lúaiġeaċt noċ do ḋíol tú linne.

9 Buḋ sona an té noċ ġlacfas agus ḃuáilfios do naóiḋin a naġaiḋ na cairge.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan