Psailm 136 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm CXXXVI. Atá Día ar na ṁóruġaḋ arson a oibre iomadaṁuil, ḟíor-neartṁur. 1 Moluiḋ an TIĠEARNA; óir is maiṫ é: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe. 2 Moluiḋ Día na ndée: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe. 3 Moluiḋ TIĠEARNA na ttiġearnaḋ: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe. 4 An té do ní ionganta móra: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe. 5 An té do rinne na flaiṫis le heagna: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe. 6 An té do ṡín amaċ an talaṁ ós cionn na nuisgeaḋ: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe. 7 An té do rinne soillsiġe móra: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe: 8 An ġrían do riaġlaḋ san ló: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe: 9 An ġealaċ agus na réalta do riaġlaḋ na hoiḋċe: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe. 10 An té do ḃuail a Négipte maille re na céidġeiniḃ: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe: 11 Agus ṫug Israel as a meaḋón sin: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe: 12 Le láiṁ láidir, agus le ríġ sínte amaċ: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe. 13 An té do roinn an ṁuir Rúaḋ a ndá ċuid: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe: 14 Agus ṫug air Israel dul ṫríd a meaḋon: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe: 15 Agus do ċlaóiḋ Ṗáraoh agus a ṡlúaġ annsa muir Ruáiḋ: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe. 16 An té do ṫréoruiḋ a ḋaoine san díoṫraṁ: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe. 17 An té do ḃuáil ríġṫe móra: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe: 18 Agus do ṁarḃ ríġṫe oirḋearca: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe: 19 Sihon ríġ na Namoríteaċ: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe: 20 Agus Og ríġ Básan: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe: 21 Agus ṫug a ḃfearann mar oiġreaċd: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe: 22 Oiġreaċt Dísrael a ṡeirḃíseaċ: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe. 23 Noċ do ċuiṁniġ oruinn ionar staid uirísil: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe: 24 Agus dfúasgail sinn ó ar naiṁdiḃ: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe. 25 Do ḃeir sé arán do nuile ḟeóil: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe. 26 Moluiḋ Día niṁe: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society