Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 135 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm CXXXV. Dleasdanas ḃúaċaille agus ṗobuil De. 5 Lé díoṁaineas na nioḋol.

1 Moluiḋ an TIĠEARNA. Moluiḋ ainm an TIĠEARNA; moluiḋ é, a ṡeirḃíseaċa an TIĠEARNA.

2 Noċ ṡeasas a ttiġ an TIĠEARNA, a gcúirtiḃ ṫiġe ar Ndé,

3 Moluiḋ an TIĠEARNA; óir is maiṫ an TIĠEARNA: canaiḋ sailm ḋá ainm; óir atá sé aóiḃinn.

4 Oír do ṫoġ an TIĠEARNA Iácob ḋó féin, Israel do ḃeiṫ na ionnṁus áiriġe aige.

5 Oír ís aiṫne ḋaṁ gur mór an TIĠEARNA, agus go ḃfuil ar TTIĠEARNA ós cionn a nuile ḋée.

6 Do rinne an TIĠEARNA, gaċ ní do ṫoguir féin air neaṁ, agus air talaṁ, annsna fairgeaḋuiḃ, agus annsna huile aigéanuiḃ.

7 Tógḃuiḋ sé súas na deatuiġe ó ḟoirimeal na talṁan; do ní tinnteaċ ċum fearṫanna; ag taḃairt na gaóiṫe amaċ as a ionnṁusaiḃ.

8 Noċ do ḃuáil céaidġeine na Hégipte, ó ḋuine go beaṫaċ.

9 Do ċuir sé coṁarṫaḋa agus ionganta ċugadsa a Egipt, ann do meaḋon, air Ṗarao, agus air a uile ṡeirḃíseaċaiḃ.

10 Noċ do ḃuáil iomad cineaḋaċ, agus do ṁarḃ ríġṫe móra;

11 Sihon ríġ na Namoríteaċ, agus Og ríġ Básan, agus uile rioġaċta Ċánaain:

12 Agus ṫug sé a ḃfearann mar oiġreaċt, na oiġreaċd Disrael a ṗobal féin.

13 A ṪIĠEARNA, atá hainm, go síorruiġe; a ṪIĠEARNA, atá do ċuíṁne, ó ġinealaċ go ginealaċ.

14 Oír béaraiḋ an TIĠEARNA breiṫeaṁnus air a ḋaóiniḃ, agus biáiḋ aiṫreaċus air a ttáoḃ a ṡeirḃíseaċ.

15 Is airgiod agus ór íoṁaiġe na ngeinteaḋ, obair láṁ dáoine.

16 Atá béul aca, agus ní laḃraid; atáid súile aca, agus ní ḟaicid síad;

17 Atáid cluása aca, agus ní ċluinid; agus ní ḃfuil fós anál iona mbéul.

18 Is cosṁuil ríu an luċt do ní íad: gaċ a ccuirionn a ndóiġ ionnta.

19 A ṫiġ Israel, beannuiġ an TIĠEARNA: a ṫiġ Aaron, beannuiġ an TIĠEARNA:

20 A ṫiġ Léḃi, beannuiġ an TIĠEARNA: siḃsi air a ḃfuil eagla an TIĠEARNA, beannuiġe an TIĠEARNA.

21 Go maḋ beannuiġ an TIĠEARNA as Síon, noċ ċoṁnuiġeas ann Ierusalem. Moluiḋ an TIĠEARNA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan