Psailm 134 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm CXXXIV. Oifig ḃúaċaille na heagluise. Caintic ċéimeaḋ. 1 Feuċuiḋe, beannuiġiḋsi an TIĠEARNA, siḃsi a ṡeirḃíseaċa an TIĠEARNA uile, ṡeasfas a ttiġ an TIĠEARNA sna hoiḋċiḃ. 2 Tógḃaiḋ súas ḃur láṁa ċum na sanctóra, agus beannuiġ an TIĠEARNA. 3 Go mbeannuiġ an TIĠEARNA ṫú as Síon cruṫuiġeóir niṁe agus talṁan. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society