Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 133 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm CXXXIII. Atá an cumann bráiṫreaṁuil, taitneaṁaċ re Día, agus tarḃaċ do ḋaóiniḃ.
Caintic ċéimeaḋ Ḋáiḃi.

1 Feuċ, caiḋe an ṁaiṫ agus an taóiḃneas sin dearḃráiṫre do coṁnuiḋe a náonṫoil!

2 Mar an déaġóla ar an gceann, ag tuitim air an ḃféusóig, féusóg Aaron: noċ do ċuáiḋ síos go sciorta a éaduiḋ;

3 Mar ḋrúċt Hermon, noċ ṫuitios ar ṡléiḃtiḃ Síon: óir is annsin do aiṫin an TIĠEARNA beannuġaḋ, na beaṫa go síorruiġe.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan