Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 132 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm CXXXII. Cúram agus urnaiḋ Ḋaiḃi arson ṫiġe Dé, agus a luċd oifíg.

1 Cuiṁniġ, a ṪIĠEARNA, Dáiḃi agus a nuile ḃúaiḋreaḋ:

2 Noċ ṫug mionna don ṪIĠEARNA, ṫug a ṁóid dó Ḋía ċuṁaċtaċ Iácob;

3 Go deiḃin ni ṫéiġim a steaċ a tteaġais mo ṫiġe, agus ni ṫéiġim súas air mo leabaiḋ;

4 Ni ṫugam codlaḋ dom ṡúiliḃ, táiṁnéull do ṁogluiḃ mo ṡúl,

5 Go ḃfaġar ionad don TIĠEARNA, ionad coṁnuiġe do Ḋía ċuṁaċdaċ Iácob.

6 Féuċ, do ċúalamar so ann Eṗrátah: fúaramar é a maġuiḃ na coilleaḋ.

7 Raċam a steaċ iona nionaduiḃ coṁnuiġe: claonfam sinn féin ċum cos-stóil a ċos.

8 Eiriġ, a ṪIĠEARNA, ċum hionaid coṁnuiġe; ṫú féin, agus aírc do neirt.

9 Bídis do ṡagairt éaduiġṫe le fíréantaċd; agus déindís do naóiṁ lúaṫġáire.

10 Ar son Dáiḃi do ṡeirḃísiġ ná fill uáinn aġaiḋ hungṫaiḋ.

11 Do ṁionnuiġ an TIĠEARNA do Ḋáiḃi a ḃfírinne; ní ḟillfe sé úaḋ sin; Do ṫoraḋ do ċoirp suiġeoċaiḋ sé ann do ċaṫaóir ríoġa.

12 Má ċoiṁéaduid do ṁic mo ċunnraḋ agus mfíaġnuiseaḋa noċ ṁúinfead dóiḃ, suiġfid a cclann mar an cceadna go síorruiġe ann do ċaṫaoir ríoġa.

13 Oír do ṫoġ an TIĠEARNA Síon; do ḋúiliġ é mar ionad suiġe.

14 Asé so mo ṡuáiṁneas go síorruiḋe: annso ḋéanad coṁnuiġe; óir fuáir me dúil innte.

15 Beinneoċad a maiṫeas go hiomarcaċ: sásfa mé a boiċt le harán.

16 Agus fós éideoċuiḋ mé a sagairt ré slánuġaḋ: agus do ḋéanaid a naóiṁ gáirdeaċus ré lúaṫġáire.

17 Annsin do ḃéarad ar aḋairc Ḋáiḃi fás: do órduiġ mé solus dom ungṫaċ.

18 Eideoċad a naiṁde ré náire: aċt bláiṫeoċuiḋ a ċoróinsion air féin.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan