Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 130 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm CXXX. An seasṁaḋ Psalm aiṫriġe.
Caintic ċéimeaḋ.

1 As na haigéanaiḃ déiġ mé ortsa, a ṪIĠEARNA.

2 A ṪIĠEARNA, cluin mo ġuṫ: bídís do ċlúasa aireaċ ċum goṫa mo ġearáin.

3 Má ṫugann tú cionta dot aire, a ṪIĠEARNA, a ṪIĠEARNA, cía ṡeafas?

4 Aċt is agadsa atá maiṫṁeaċus, ionnus go mbiáiḋ eagla roṁad.

5 Do ḟeiṫ mé air an TTIĠEARNA, atá manam ag feiṫioṁ, agus iona ḃréiṫir atá mo ḋóiġ.

6 Atá manam ag feiṫioṁ air an TTIĠEARNA ní sa ṁó ná do níd luċt faire air an maidin: luċt faire na maidne.

7 Bíoḋ dóiġ ag Israel san TTIĠEARNA: óir is ag an TIĠEARNA atá trócaire, agus aigesion atá iomad fúascalta.

8 Agus fuaisgeoluiḋ sé Israel ó na nuile ċiontaiḃ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan