Psailm 127 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm CXXVII. Sé Día do ċuireas, agus ċongḃas súas, tiġe agus clann. Caintic ċéimeaḋ Ṡolaiṁ. 1 Muna ḃfoirgníġe an TIĠEARNA an tiġ, is díoṁaóin oibriġid an luċt ḟoirgniġios é: muna ccuṁduiġe an TIĠEARNA an ċaṫair, is go díoṁaóin do ní an fear coiṁéada faire. 2 Is díoṁaóin díḃsi noċ éirġios go moċ ṡiġios go deiġionaċ, noċ íṫios arán an doilġiosa: marsin do ḃéaraiḋ sé codlaḋ dá ḟior gráiḋ. 3 Féuċ, is oiġreaċt don TIĠEARNA clann: toraḋ na mbronn a luaiḋeaċd. 4 Mar ṡoiġde a láiṁ an duine arraċtaiġ; is aṁluiġ sin atá clann na hóige. 5 Is beannuiġe an duine agá ḃfuil a ḃolgán soiġiod lán díoḃ: ní ḃiáid claóiḋte, an tan leiḃeoruid lé na naiṁdiḃ san ġeata. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society