Psailm 126 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm CXXVI. Dobrón ḋaóirsine Ḃabiloin, ar na filleaḋ go haoiḃneais. Caintic ċéimeaḋ. 1 Anuair do ṫug an TIĠEARNA braiġdionas Síon air ais, bá cosṁuil sinn leis a ndroing do ċíḋ aisling. 2 Annsin do líonaḋ ar mbéul ré gáireaḋa, agus ar tteanga ré lúaṫġáire: a duḃradar annsin a measg na gcineaḋaċ, Do rinne an TIĠEARNA éaċta móra ḋóiḃ. 3 Do rinne an TIĠEARNA neiṫe móra linne; atamaóid lúaṫġáireaċ. 4 Iompoiġ a rís a ṪIĠEARNA ar mbraiġdionas, mar na sroṫaiḃ buḋ ḋeas. 5 An dream ċuirios síol a ndéaruiḃ beanfaid a lúaṫġáire. 6 An té dimṫiġ amaċ go doilġiosaċ agus do ġuil, ag cur a ṡíl, tiocfa sé lé lúaṫġáire, ag iomċar a ṗunnann. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society