Psailm 125 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm CXXV. Is daingion an cúltaċt Día; 3 agus is corraċ an éugcoir. Caintic ċéimeaḋ. 1 Biaiḋ an luċt ċuirios a ndóiġ annsa TIĠEARNA mar ṡlíaḃ Síon, naċ féidir a ċorruġaḋ, aċ ṁairios go bráṫ. 2 Atáid Ierusalem na sléiḃte na timċioll; agus is aṁluiġ atá an TIĠEARNA a timċioll a ḋaóine ó núairsi agus go síorruiḋe. 3 Oír ní ḋéanaiḋ slat an ċorbuiḋ coṁnuiḋe ar ċrannċair na ḃfíréan; iondus naċ sínfid na fíréin a laṁa amaċ ċum corbuiḋ. 4 Déan maiṫ, a ṪIĠEARNA, do na deaġḋaóiniḃ, agus don díreaċ a ccroiḋe. 5 Aċt an luċt ċláonas ċum na ndroiċṡliġeaḋ, tréoroċuiḋ an TIĠEARNA íad lé luċt oibriġṫe a négceirt: go raiḃ síoṫċáin air Israel. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society