Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 124 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm CXXIV. Anbfainne agus uċḃaḋaċ na heagluise, agus coṁ-ḟurtaċt Dé.
Caintic ċéimeaḋ Ḋáiḃi.

1 Muna ḃeiṫ an TIĠEARNA linn, abraḋ Israel anois;

2 Muna ḃeiṫ an TIĠEARNA linn, an tan déirġeadar dáoine súas ar naġaiḋ:

3 Annsin do ṡluigfidís súas béo sinn, mar do las a ḃfearg ar naġaiḋ:

4 Ann sin do ḃáiṫfidís na huisgeaḋa sinn, do raċaḋ an tuile ṫar ar nanam:

5 Annsin do raċaidís na huisgeaḋa uáiḃreaċa ṫar ar nanam.

6 Go maḋ beannuiġ an TIĠEARNA, naċ ttug sinn mar ċreiċ da ḃfíaclaiḃ.

7 Atá ar nanam mar éan ar nimṫeaċt as líon na ḃfíaḋaċ: atá an líon ar na ḃriseaḋ, agus dimṫiġeamairne slán.

8 Is a nainm an TIĠEARNA atá ar ḃfurtaċt, noċ do rinne neaṁ agus talaṁ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan