Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 123 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm CXXIII. Saoraiḋ súil ḃeiṫ re Día, daoine ó ṁasla.
Caintic ċéimeaḋ.

1 Ċugadsa tógḃuim súas mo ṡúile, ó ṫusa noċ áitreaḃus annsna neaṁuiḃ.

2 Féuċ, mar atáid súile na seirḃíseaċ ċum láiṁe a maiġistir, mar atáid súile banógluiċ ċum láiṁe a maiġistreása; is mar sin atáid ar súilene ċum an TIĠEARNA ar Ndia, no go raiḃ sé grásaṁuil dúinn.

3 Déan trócaire oruinn, a ṪIĠEARNA, déan trócaire oruinn: óir atámaoid air ar nainlionaḋ le tarcuisne.

4 As mór atá ar nanam ar na líonaḋ le tarcuisne na druinge atá a súaiṁneas, re tarcuisne na nuáiḃreaċ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan