Psailm 122 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm CXXII. Guiḋe arson síṫ agus sonuis Ierusalem. Caintic ċéimeaḋ Ḋáiḃi. 1 Do luáṫġáiriġios ris an luċt a dúḃairt leam, Téiġeam go tiġ an TIĠEARNA. 2 Atáid ar ccosa na seasaṁ ann do ġeataḋuiḃ, a Ierusalem. 3 Ierusalem ar na tógḃáil mar ċaṫraiḋ atá ar na ċoiṁċeangal innte féin ré ċéile: 4 Oír is innte sin suas ṫéid na treaḃa, treaḃa an TIĠEARNA, go fiaḋnuisi Israel, ċum anma an TIĠEARNA do ṁolaḋ. 5 Oír suiġfid annsin a suiġiḃ ríoġa ċum breiṫeaṁnuis, caṫaóire ríoġa ṫiġe Ḋáiḃi. 6 Guiḋiḋ ar son síoṫċána Ierúsalem: bídis a síoṫċáin noċ ler bionṁuin ṫú. 7 Bíoḋ síoṫċáin ann do ḋaingion, sonas a stiġ ann do ṗálásaiḃ. 8 Ar son mo ḋearḃráiṫreaċ agus mo ċarad, a déarad a nois, Bíoḋ síoṫċáin ionnad. 9 Ar son tiġe an TIĠEARNA ar Ndé íarrfa mé maiṫ ḋuitsi. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society