Psailm 120 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm CXX. Screataiġeaċt an droċ ṫeangaiḋ. Caintic ċéimeaḋ. 1 Do éiġ mé ċum an TIĠEARNA ann mo ḃuáiḋreaḋ, agus do ċúalaiḋ sé mé. 2 A ṪIĠEARNA, sáor manam, ó ḃéul na mbréug, ó ṫeangaiḋ na ceilge. 3 Cred do ḃéarṫar duitsi? no cred ḋéantar leaċd, a ṫeanga na ceilge? 4 Soiġde géara an ċúṁaċtaiġ; maille re gríosuiġ ċrainn Iuniper. 5 A ṁairg ḋaṁsa, do ní coṁnuiġe a Meseċ, go coṁnuiġim a ttiġṫiḃ Cédair! 6 Is fada do ḃí manam na ċoṁnuiġe a ḃfoċair an té lé naċ ionṁuin síoṫċáin. 7 Atáimsi ar son síoṫċána: agus má laḃruim, atáidsion ċum cogaiḋ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society