Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 119 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm CXIX. Millseaċd agus tarḃa ḃriaṫar Dé, agus onóir na droinge do leanus é. ALEṖ.
ALEṖ.

1 Is beannuiġ an drong atá iomlan a sliġe, noċ ṡiuḃlas a ndliġeaḋ an TIĠEARNA.

2 Beannaiġ an luċt ċoiṁéadas a ḟiaḋnuiseaḋa, íarras é lé croiḋe iomlán.

3 Mar an gcéadna ní ḋéanaid éan olc: siuḃluid iona ṡliġṫiḃ:

4 Daiṫin tú haiṫeanta do ċongṁáil go grionġalaċ.

5 O naċ ḃfuilid mo ṡliġṫe ar na ndíriuġad ċum do reaċta do ċoiṁéad!

6 Annsin ní ḃía náire orum, a nuáir ḟéuċfad dot aiṫeantaiḃse uile.

7 Molfad ṫusa lé dioġruis croiḋe, an tan do ḋéanad breiṫeaṁnus ṫfíréantaċta dfoġluim.

8 Coiṁéadfad do reaċta: ó na tréig mé go hiomlán.


BEṪ.
BEṪ.

9 Cred ré nglanfa duine óg a ṡliġe? ré ḃeiṫ aireaċ do réir do ḃréiṫresi.

10 Re mo ċroiḋe iomlán do lorguir mé ṫú: ná cuir air seaċrán ód aiṫeantaiḃ mé.

11 Ann mo ċroiḋe dfoluiġ mé do ḃríaṫra, ionnus naċ bpeacuiġinn ad aġaiḋ.

12 Is beannuiġ ṫú, a ṪIĠEARNA: teagaisg ḋaṁ do reaċta.

13 Re mo ṗuisíniḃ do ċoṁáir mé breiṫeaṁnus do ḃéil uile.

14 Do ġáirdiġios a sliġe ṫfíaḋnuiseaḋ, mar buḋ ann a nuile ṡaiḋḃrios.

15 Do ḋéanad smúaineaḋ ann haiṫeantaiḃ, agus féuċfad go géar air do ṡliġṫiḃ.

16 Glacfad áoiḃneas ann do reaċdaiḃ: ní ḋearmodfad do ḃríaṫra.


GIMEL.
GIMEL.

17 Cúitiġ lé do ṡeirḃíseaċ, go mairiġ mé, agus coiṁéadfad do ḃríaṫra.

18 Fosguil mo ṡúile, agus do ċífid neiṫe iongantaċa as do ḋliġṫiḃ.

19 Is coigcríoċ mé air an ttalaṁ: ná foluiġ haiṫeanta orum.

20 Atá manam ag briseaḋ ré mían ċum do ḃreiṫeaṁnuis gaċ uile uáir.

21 Do imḋearg tú an tuáiḃreaċ atáid malluiġ, noċ do ní seaċrán ód aiṫeantaiḃsi.

22 Aṫruiḋ uáimsi scannail agus tarcuisne; óir do ċoiṁéad mé ṫfíaḋnuiseaḋ.

23 Do ṡuiġeadar fós prionnsuiġe do laḃradar am aġaiḋ: do ḋéana do ṡeirḃíseaċ stuidéur ad ḋliġṫiḃ.

24 Fós is íad ṫfíaḋnuiseaḋ máoiḃneas, daóine mo ċoṁairle.


DALEṪ.
DALEṪ.

25 Leanaiḋ manam don luáiṫreaḋ: béoġuiḋ mé do réir do ḃréiṫre.

26 Do coṁáiriṁ mé a rís mo ṡliġṫe, agus do ċúala tú mé: teagaisg do reaċta ḋaṁ.

27 Taḃair orum sliġṫe haiṫeanta do ṫuigsin: agus do ḋéanad smuáineaḋ ad oibreaċa iongantaċa.

28 Atá manam ag sileaḋ le doilġios: neartuiġ mé do réir do ḃréiṫre.

29 Aṫruiġ uáim sliġe na neiṁḟírinne: agus áontuiġ go grásaṁuil ḋaṁ do ḋliġeaḋ.

30 Do ṫoġ mé sliġe na fírinne: do ċuir mé do ḃreiṫeaṁnuisi ós mo ċoinne.

31 Do ġreamuiġ mé dot ḟiaġnuisiḃ: a ṪIĠEARNA, ná náiriġ mé.

32 Riṫfiod a sliġṫiḃ haiṫeanta, mar ḟairseongair mo ċroiḋe.


HE.
HE.

33 Teagaisg ḋaṁ, a ṪIĠEARNA, sliġe do reaċta; coiṁéadfad í go nuige a nḟoirċionn,

34 Taḃair tuigse ḋaṁ, agus coiṁeadfad do ḋliġe; agus coiṁlíonfad é le mo ċroiḋe iomlán.

35 Taḃair oram siuḃal a ccasán haiṫeantaḋ; óir is annsin atá mo ḋúil.

36 Cláon mo ċroiḋe ċum ṫfiaġnuiseaḋ, agus ní ċum sainte.

37 Taḃair air mo ṡúiliḃ gaḃáil seaċa ó ḋíoṁaoineas dfaicsin; béoġuiḋ mé ann do ṡliġe.

38 Daingniḋ do ḃríaṫar dot ṡeirḃíseaċ, air a ḃfuil heagla.

39 Iompoiġ uáim mo scannail noċ is eaguil liom: óir is maiṫ do ḃreiṫeaṁnuis.

40 Féuċ, do ḃí fonn agam ann haiṫeantaiḃ: béoġaiḋ mé ann ṫfiréantaċt.


VAU.
VAU.

41 Tigdís fós do ṫrócaireaḋa ċugamsa, a ṪIĠEARNA, do ṡlánuġaḋ, do réir do ḃréiṫre.

42 Agus fregéora mé focal dḟior mo ċoiriġṫe: óir atá mo ḋóiġ ann do ḃréiṫir.

43 Agus ná beir as mo ḃéul focal na fírinne go hiomlán; óir do ḟeiṫ mé air do ḃreiṫeaṁnusaiḃsi.

44 Agus coiṁéadfad do ḋliġeaḋ a ccoṁnuiġe go braṫ agus ċoiḋċe.

45 Agus siuḃolad go fairsing: óir do lorgair mé haiṫeanta.

46 Agus laiḃeorad air ṫfíaḋnuisiġiḃsi a laṫair ríoġ fós, agus ní ḃíaiḋ náire orum.

47 Agus biáiḋ dúil agam féin ann haiṫeantaiḃ, noċ do ġráḋuiġ mé.

48 Agus tóigfid súas mo láṁa fós ċum haiṫeanta, noċ do ġráḋuiġ mé; agus do ḋéanad smuáineaḋ ann do reaċtaiḃ.


SAIN.
SAIN.

49 Cuiṁniġ an ḃriaṫar dot ṡeirḃíseaċ, noċ ar a ttugais orum mo ḋóṫċús do ċur.

50 Isé so mfurtaċt ann manacair: óir do ḃéoġaiḋ do ḃríaṫar mé.

51 Do ṫarcuisniġeadar na huáiḃriġ mé go hainṁeasarḋa: ód ḋliġeaḋ níor ċláon mé.

52 Do ċuiṁniġ mé do ḃreiṫeaṁnuis ón tseanaimsir, a ṪIĠEARNA; agus do ṁeisniġ mé mé féin.

53 Do ġaḃ an túaṫḃas greim ḋíom ar son na gciontaċ noċ do ṫréig do reaċt.

54 Do ḃádar do reaċta na gcainticiḃ agam a ttiġ moiliṫriġe.

55 Do ċuiṁniġios hainm, san noiḋċe, a ṪIĠEARNA, agus coiṁéadfad do ḋliġeaḋ.

56 Fuáir mé so, do ḃríġ gur ċoiṁlíon mé do ḋliġeaḋ.


ĊEṪ.
ĊEṪ.

57 Is tusa mo ċoṁroinn, a ṪIĠEARNA: do ġeall mé do ḃríaṫar do ċoiṁlíonaḋ.

58 Do ġuiḋ mé haġaiḋ rém uile ċroiḋe: déan trócaire orum do réir do ḃréiṫre.

59 Do ṁeas mé mo ṡliġṫe, agus do iompóiġ mé mo ċosa ċum ṫfíaġnuiseaḋa.

60 Do rinne mé deiṫfir, agus ní ḋéarnas failliġe haiṫéanta do ċoiṁéad.

61 Do ṡladadar slúaġ na gciontaċ mé: níor ḋearmaid mé do ḋliġeaḋ.

62 Annsa meaḋon oiḋċe éireoċad dot ṁolaḋ do ḃríġ breiṫeaṁnus ṫfíréantaċta.

63 Atáim am ċompánaċ ag gaċ aon ar a ḃfuil heagla, agus do luċt coiṁéada haiṫeanta.

64 A ṪIĠEARNA, atá an talaṁ líonta dot ṫrócaire: teagaisg do reaċda ḋaṁ.


TEṪ.
TEṪ.

65 Do rinne tú go maiṫ led ṡearḃḟoġantuiġ, a ṪIĠEARNA, do réir do ḃréiṫre.

66 Teagaisg ḋaṁ tuigse ṁaiṫ agus éolus: óir do ċreid mé haiṫeanta.

67 Suil do ḃuáiḋreaḋ mé, do ċuáiḋ mé ar seaċrán: a nois coiṁéaduim do ḃríaṫra.

68 Is maiṫ ṫú, agus do ní tú maiṫ; teagaisg do reaċda ḋaṁ.

69 Do ċumadar na huáiḃriġ bréag am aġaiḋ: ré croiḋe iomlán coiṁéadfa mé haiṫeanta.

70 Atá a gcroiḋe raṁar mar ṁeaṫus; atá mo ḋúil ann do ḋliġeaḋ.

71 Is maiṫ ḋaṁsa gur buáiḋreaḋ mé; ionnus go ndéan do reaċtasa ḟoġluim.

72 Is féarr ḋaṁ dliġeaḋ do ḃéil ná na mílte dór agus dairgiod.


IOD.
IOD.

73 Do rinneadar do láṁa mé agus do ċumadar mé: taḃair tuigsi ḋaṁ, agus do ḋéan haiṫeanta dfoġluim.

74 An dream ar a ḃfuil heagla béid lúaṫġáireaċ a nuáir do ċífid mé; óir do ḃí mo ḋóiġ ann ṫfocal.

75 As aiṫne ḋaṁ, a ṪIĠEARNA, go ḃfuilid do ḃreiṫeaṁnuis ceart, agus gur a ḃfírinne do ġortuiġ tú mé.

76 Bíoḋ, guiḋim ṫú, do ṫrócaire dom ṁeisniuġaḋ, do réir ṫfocail dot ṡeirḃíseaċ.

77 Tigeaḋ do ṫrócaire ċineulta ċugam, ionnus go mairfinn: óir isé do ḋliġeaḋ mo ḋúil.

78 Cláoiḋtear na huáiḃriġ; óir do rinneadar olc orum gan aḋḃar: do ḋéan smuáineaḋ ann haiṫeantaiḃsi.

79 Iompoiġṫear ċugamsa an drong air a ḃfuil heaglasa, agus dar baiṫne ṫfiaġnuiseaḋa.

80 Bioḋ mo ċroiḋe diongṁálta ann do reaċtaiḃ; ionnus naċ cclaóiḋfíġear mé.


CAṖ.
CAṖ.

81 Atá manam ag meirtniuġaḋ ċum do ṡlánuiġṫe: do ḃí mo ḋóṫċus ann do ḃréiṫir.

82 Failliġid mo ṡúile tre do ḃréiṫir, ag ráḋ, Cá húair dó ḃéarair furtaċd ḋaṁ?

83 Bíoḋ gur ba cosṁuil mé re buidéul annsa deatuiġ; níor ḋearmaid mé do reaċdasa.

84 Cá líon láeṫe do ṡeirḃísiġ? cá huáir ḃéarair breiṫeaṁnus a naġaiḋ na droinge ainleanas mé?

85 Do ṫoċladar na huáiḃriġ puill am ċoinne, noċ naċ raiḃ do réir do ḋliġesi.

86 Atáid haiṫeantasa uile fírinneaċ: ainleanad mé go héagcóir; cuidiġsi liom.

87 Is beag nar ċnaóiḋeadar mé air an ttalaṁ; níor ṫréig mé haiṫeantasa.

88 Béoġuiḋ mé do réir do ṫrócaire; agus coiṁéadfa mé breiṫeaṁnuis do ḃéil.


LAMED.
LAMED.

89 Go síorruiḋe, a ṪIĠEARNA, atá do ḃríaṫar ar na ḋaingniuġaḋ annsna neaṁuiḃ.

90 Go ginealaċ agus go ginealaċ atá ṫfírinne: do ḋaingniġ tú an talaṁ, agus seasaiḋ sé.

91 Do réir hórduiġṫe seasuid a niuġ: óir is seirḃísiġ ḋuit íad uile.

92 Muna ḃeiṫ gur bé do ḋliġeaḋ mo ro ṫaitneaṁ, annsin do ṁeiṫfinn ann mo ḃuáiḋreaḋ.

93 Ní ḋearmodfad go bráṫ haiṫeantasa: óir is léosin do ḃéoġuiḋ tú mé.

94 Is leatsa mé, tárṫuiġ mé; óir díarr mé haiṫeanta.

95 Do ḃí an ciontaċ ag braṫ orum ċum mo ṁillte: measfa mé ṫfíaḋnuiseaḋa.

96 Do nuile iomláine do ċonnairc mé críoċnuġaḋ: aċt atá haiṫnesi ro ḟairsing.


MEM.
MEM.

97 Cionnus ġráḋuiġim do ḋliġeaḋ! is é mo smuáineaḋ é air feaḋ an laói.

98 Do ḋéana tú misi críonna ós cionn mo náṁad red aiṫeantaiḃ: óir atáid agam a ccoṁnuiġe.

99 Tuigim ós cionn mo luċt teagaisg uile: oir is íad ṫfíaġnuiseaḋ mo smuáineaḋ.

100 Tuigim nios mó ná na sinnsir, do ḃríġ gur ċoiṁéad mé haiṫeantasa.

101 Do ċonnuiṁ mé mo ċos ó nuile ḋroiċṡliġe, iondus go ccoiṁéadfuinn ṫfocal.

102 Od ḃreiṫeaṁnusaiḃ níor ḋealuiġ mé: óir do ṫeagaisg tú mé.

103 Cred é millse do ráiḋte dom ċarbad! ní is millsi ná mil dom ḃéul!

104 Od aiṫeantaiḃ fuáir mé tuigse: uimesin fúaṫuiġim uile ṡliġe na neiṁḟírinne.


NUN.
NUN.

105 As lóċrann dom ċosaiḃ do ḃríaṫar, agus solus dom ċasánaiḃ.

106 Ṫug mé mo ṁionna, agus coiṁlionfad sin, breiṫeaṁnuis ṫfíréantaċda do ċoṁall.

107 Do ḃí mé ar mo ḃuáiḋreaḋ go hiomarcaċ: béoġaiḋ mé, a ṪIĠEARNA, do réir ṫfocail.

108 Gaḃ uáim, íoḋbarṫa soċroiḋeaċa mo ḃéil, guiḋim ṫú, a ṪIĠEARNA, agus teagaisg ḋaṁ do ḃreiṫeaṁnuis.

109 Atá manam ann mo láiṁ do ġnáṫ: aċt níor ḋearmaid mé do ḋliġeaḋsa.

110 Do ċuireadar na peacaiḋ paintéar am ċoinne: giḋeaḋ ní ḋeaċus ar seaċrán ód aiṫeantaiḃsi.

111 Do ġlac mé mar oiġreaċt ṫfíaḋnuisese go bráṫ: óir is sólás dom ċroiḋe íad.

112 Do ċláon mé mo ċroiḋe ċum do reaċta do ḋéanaṁ go bráṫ.


SAMEĊ.
SAMEĊ.

113 Fúaṫuiġim smuáintiġṫe díoṁaoine: aċt gráḋuiġim do ḋliġeaḋsa.

114 Is tusa mionad foluiġṫe agus mo scíaṫ: do ḃí mo ḋóiġ ann ṫfocal.

115 Imṫiġiḋ uáim, siḃsi a luċt déanta uilc: agus coiṁéadfad aiṫeanta mo Ḋé.

116 Connaiṁ súas mé do réir do ḃréiṫre, agus mairfe me: agus ná náiriġ mé fám ḋóṫċus.

117 Connuiṁ súas mé, agus biáiḋ mé a ndídean: agus biáiḋ mo ḋúil ann do reaċdaiḃ do ġnáṫ.

118 Do ṡaltair tú síos an ṁéid do ċuáiḋ a muġa ód reaċdaiḃ: óir is neiṁḟírinne an gangaid.

119 Teilgir uáit mar ṡalċar a ḃfuil do ṗeacaċuiḃ air an ttalaṁ: ar a naḋḃarsin gráḋuiġim ṫfíaḋnuiseaḋa.

120 Crioṫnuiḋ mfeoil ré heaglasa; agus atá úaṁan do ḃreiṫeaṁnuis orum.


AIN.
AIN.

121 Do rinne mé ceart agus breiṫeaṁnus: ná toirḃir mé do luċd mo ṡáruiġṫe.

122 Bí a nurruġus air do ṡeirḃíseaċ ċum maiṫeasa: ná léig do nuáiḃreaċ mo ṡáruġaḋ.

123 Meaṫaid mo ṡúile ag feiṫioṁ air do ṡlánuġaḋ, agus air ḟocal ṫfíréantaċta.

124 Déan red ṡeirḃíseaċ do réir do ṫrócaire, agus múin ḋaṁ do reaċta.

125 Is misi do ṡeirḃíseaċ; taḃair tuigsi ḋaṁ, agus biaiḋ éolus air ṫfíaḋnuisiḃ agam.

126 Is miṫíḋ, a ḋéanaṁ, a ṪIĠEARNA: do ċuireadar do ḋliġeaḋ ar neiṁní.

127 Uime sin is ionṁuin liom haiṫeanta ós cionn óir; agus ós cionn óir ḟíorġlain.

128 Uimesin measuim haiṫeantasa uile ceart; fúaṫuiġim uile ṡliġe na neiṁfírinne.


PE.
PE.

129 Atáid ṫfíaġnuiseaḋ ro iongantaċ: uime sin coiṁéaduiġ manam íad.

130 Do ḃeir dul a steaċ do ḃríaṫar solus; ag taḃairt tuigse don tsimpliġe.

131 Dfoscail mé mo ḃéul, agus do ċrioṫnuiġ mé: óir do ḃí mían haiṫeanta agam.

132 Feuċ orum, agus déan trócaire orum, do réir do ċleaċtaiḋ don droing ler bionṁuin hainm.

133 Daingniḋ mo ċoiscéime ann do ḃréiṫir: agus ná léig durċóid ar biṫ úaċtaránaċt do ḃreiṫ orum.

134 Sáor mé ó ṡáruġaḋ na ndaóine: agus coiṁéadfa mé haiṫeanta.

135 Taḃair air haġaiḋ déalruġaḋ air do ṡeirḃiseaċ; agus teagaisg ḋaṁ do reaċta.

136 Silid sroṫa uisgeaḋ as mo ṡúiliḃ, do ḃríġ naċ ccoiṁéadaid do ḋliġeaḋ.


TSADDI.
TSADDI.

137 Is fíréunta ṫú, a ṪIĠEARNA, agus atáid do ḃreiṫeaṁnuis díreaċ.

138 Daiṫin tú ṫfíaġnuiseaḋ atáid fíréanta agus ro ḟírinneaċ.

139 Do ġearr mo ṫeas-ġráḋ amaċ mé; do ḃríġ gur ḋéarmadar mo naiṁde do ḃríaṫra.

140 Do ḋearḃa do ḃríaṫarsa go mór: agus is ionṁuin lead ṡeirḃíseaċ í.

141 Is beag misi agus is tarcuisneaċ: níor ḋearmaid mé haiṫeantasa.

142 Is fíréantaċt síorruiḋe ṫfíréantaċdsa, agus is fírinne do ḋliġeaḋ.

143 Tárlaiġ anacair agus goiṁ ċugam: is íad haiṫeanta máoiḃneas.

144 Atá fíréantaċt ṫfíaġnuiseaḋa go síorruiḋe: taḃair tuigsi ḋaṁ, agus mairfe mé.


COṖ.
COṖ.

145 Eiġim rem uile ċroiḋe; cluin mé, a ṪIĠEARNA: coiṁéadfa mé do reaċta.

146 Eiġim ċugadsa; tarṫaiḋ me, agus coiṁéadfad ṫfíaḋnuiseaḋ.

147 Do ṁoiċéirġe mé ṫeaċt an laói, agus déiġios: do ḃí mo ḋúil red ḟocalsa.

148 Bíd mo ṡúile na ndúscaḋ a ttráṫuiḃ na hoiḋċe, ċum smuainiuġaḋ ann do ḃréiṫir.

149 Cluin mo ġuṫ do réir do ṫrócaire: a ṪIĠEARNA, do réir do ḃreiṫeaṁnuis béoġaiḋ mé.

150 Atáid ag teaċt a ḃfoġus noċ leanas durċóid: atáid a ḃfad ód ḋliġeaḋ.

151 Atá tusa a ḃfogus, a ṪIĠEARNA; agus is fírinne haiṫeanta uile.

152 A ttáoḃ ṫfiaḋnuiseaḋsa, bá fios daṁ re fada gur ṡuiġiḋ tú íad go síorruiḋe.


REṠ.
REṠ.

153 Dearc ar manacair, agus sáor mé: óir níor ḋearmuid mé do ḋliġeaḋ.

154 Tagair mo ċúis, agus sáor mé: do réir dó ḃréiṫre béoġaiḋ mé.

155 As fada slánuġaḋ ón gcoiriġṫe: óir ní íarruid do reaċta.

156 Is líonṁar do ṫrócaire ċineulta, a ṪIĠEARNA: béoġaiḋ mé do réir do ḃreiṫeaṁnuis.

157 Is líonṁar luċt mo ḃuáiḋearṫa agus measccáirde; níor ċláon mé ó ṫfiaġnuisiḃsi.

158 Do ċonnairc mé luċt an tsáruiġṫe, agus do ḃí mé doilġiosaċ; do ḃríġ nár ċoiṁéadadar ṫfocal.

159 Féuċ gur bionṁuin liom haiṫeanta: a ṪIĠEARNA, do réir do ṫrócaire béoġaiḋ mé.

160 As fírinne tosaċ do ḃreiṫre: agus biaiḋ huile ḃreiṫeaṁnuis fíréanta go síorruiḋe.


SĊIN.
SĊIN.

161 Do ainleanadar prionnsuiḋe mé gan aḋḃar: aċd do ḃí eagla air mo ċroiḋe red ḃréiṫirsi.

162 Gáirdiġim red ḟocal, mar an té do ġeiḃ móiréadail.

163 Fúaṫuiġim agus bí gráin agam air ḃréugaiḃ: is ionṁuin liom do ḋliġéaḋ.

164 Moluim ṫú seaċt nuáire san ló a ttaoḃ ḃreiṫeaṁnus ṫfíréantaċda.

165 Atá síoṫċáin ṁór don luċt ġráḋuiġeas do ḋliġeaḋsa: agus ní ḃfuil ceap tuisliġe na naġaiḋ.

166 Do ḃí mo ḋóiġ ann do ṡlánuġaḋ, a ṪIĠEARNA, agus do ċoṁaill mé haiṫeanta.

167 Do ċoiṁéad manam ṫfíaḋnuiseaḋ; agus do ġráḋuiġ sé íad go ro ṁór.

168 Do ċoiṁéad mé haiṫeanta agus ṫfíaḋnuiseaḋa: óir atáid mo ṡliġṫe uile ad laṫairsi.


TAU.
TAU.

169 Tigeaḋ meiġeaḋ a ngar ad laṫair, a ṪIĠEARNA: taḃair tuigsi ḋaṁ do réir do ḃréiṫre.

170 Tigeaḋ mo ġearán ós do ċoinne: do réir do ḃréiṫre sáor mé.

171 Laiḃeoruiḋ mo ḃéul molaḋ, mar ṁúinfios tusa do reaċta ḋaṁ.

172 Freagoruiḋ mo ṫeanga do ḃríaṫar: óir is fíréantaċt haiṫeanta uile.

173 Cuidiġeaḋ do láṁ riom; óir rug mé haiṫeanta do roġain.

174 Do ḃí mían agam ad ṡlánuġaḋ, a ṪIĠEARNA; agus isé do ḋliġeaḋ maóiḃneas.

175 Maireaḋ manam, agus molfa sé ṫusa; agus cuidiġeaḋ do ḃreiṫeaṁnus liom.

176 Do ḃí mé ar seaċrán mar ċaóiriġ ar ndul a múġa; lorgair do ṡeirḃíseaċ; óir níor ḋearmaid mé haiṫeantasa.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan