Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 118 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm CXVIII. Fascaḋ Dé bunaiteaċ, agus a ṫoirḃeartas iongantaċ.

1 Moluiḋ an TIĠEARNA; óir is maiṫ é: óir atá a ṫrócaire go síorruiḋe.

2 Abraḋ Israel a nois, go ḃfuil a ṫrócaire go síorruiḋe.

3 Abraḋ a nois tiġ Aaron, go ḃfuil a ṫrócaire go síorruiḋe.

4 Abraidis an dream ler beagal an TIĠEARNA, go ḃfuil a ṫrócaire go síorruiḋe.

5 Am anacair do ġair mé air an TTIĠEARNA; agus do ḟreagair an TIĠEARNA, agus do ċuir a réiteaċ mé.

6 Atá an TIĠEARNA ar mo ṡonsa; ní ḃíaiḋ eagla orum: cred ḋéanas duine riom?

7 Atá an TIĠEARNA ar mo ṡonsa a measc luċt mfurtaċda: agus do ċífe mé mó ṁían air an luċt ḟúaṫuiġios mé.

8 Is fearr dóiġ do ċur annsa TIĠEARNA ná dóiġ do ċur a nduine.

9 Is fearr dóiġ do ċur annsa TIĠEARNA ná dóiġ do ċur a bprionnsaḋuiḃ.

10 Do ċruinniġeadar a nuile ċineaḋ am ṫimċioll: a nainm an TIĠEARNA geárrfad díom íad.

11 Ṫangadar am ṫimċiol; go deiṁin, ṫangadar fa ccuáirt am ṫimċioll; a nainm an TIĠEARNA fós gearrfad diom íad.

12 Ṫangadar mar ḃeaċaiḃ am ṫimċioll; atáid ar na múċaḋ mar ṫeine na ndroiġean: óir a nainm an TIĠEARNA gearrfad diom íad.

13 Do ṡáiṫ tú ċugam go neartṁar iondus go ttuitfinn: aċt ba hé an TIĠEARNA mfear furtaċda.

14 Isé an TIĠEARNA mo neart agus mo ċaintic, agus atá ḋaṁsa na ṡlánuġaḋ.

15 Atá guṫ an ġáirdeaċus agus an tslánaiġṫe a ttiġṫiḃ na ḃfíréun: do ní láṁ ḋeas an TIĠEARNA gaisge.

16 Atá láṁ ḋeas an TIĠEARNA ar na hárduġaḋ: do ní láṁ ḋeas an TIĠEARNA cróḋaċt.

17 Ní ḃfuiġiod bás, aċt maírfiod, agus foillseoċad oibreaċa an TIĠEARNA.

18 Do smaċtuiġ an TIĠEARNA mé go mór: aċt níor ṫoirḃir sé don ḃás mé.

19 Fosgluiḋ ḋaṁsa geatuiġ na fíréantaċda: raċad a steaċ ionta, agus molfad an TIĠEARNA:

20 Isé so geata an TIĠEARNA, raċaid na fíréun a steaċ ann.

21 Molfad ṫú; do ḃríġ go gcualaiḋ tú mé, agus go raḃuis daṁ mar ṡlánuġaḋ.

22 An ċloċ do ḋíultadar na saóir sí atá ar ndéanaṁ na ceann san gcuáine.

23 On TIĠEARNA do ḃí so; agus is iongantaċ é ann ar súiliḃne.

24 Isé so an lá do rinne an TIĠEARNA; bíom lúaṫġáireaċ agus déanam gáirdeaċus ann.

25 Anois, aṫċuinġim ṫú, a ṪIĠEARNA tarṫaiḋ: aṫċuinġim ṫú, a ṪIĠEARNA, soirḃíġ anois.

26 Is beannuiġ an té ṫig a nainm an TIĠEARNA; beannuiġmaoid siḃ ó ṫiġ an TlĠEARNA.

27 Isé Día an TIĠEARNA, agus ṫug sé solus dúinne: ceanglaiḋ a nioḋbairt ré téuduiḃ, do ċorruiḃ na haltóra.

28 Is tú mo Ḋía, agus molfad ṫú: is tú mo Ḋía, agus áirdeoċad ṫú.

29 Moluiḋ an TIĠEARNA; óir is maiṫ é: óir atá a ṫrócaire go bráṫ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan