Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 116 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm CXVI. Is ceangal ar ġraḋ agus ar ṁóidiḃ uṁlaċd do ṫaḃáirt, meud ċúram Ḋe ḋa naoṁaiḃ.

1 Is ionṁuin liom an TIĠEARNA, do ḃríġ go ccluin sé mo ġuṫ ann maṫċuinġiḃ.

2 Do ḃríġ gur ċláon sé a éisdeaċd ċugam, ar anaḃarsin gairfe mé air ar feaḋ mo ḃeaṫa.

3 Do íaḋadar doilġiosa an ḃáis am ṫimċioll, agus fúaradar fórluinn ifrinn mé: aṁgar agus doḃrón do fuáir mé.

4 Agus do ġair mé ar ainm an TIĠEARNA; A ṪIĠEARNA guiḋim ṫú, sáor manam.

5 Is grásaṁuil an TIĠEARNA, agus is fíréunta; agus atá ar Ndíane lan do ṫruáiġe.

6 Cuṁduiġ an TIĠEARNA na dáoine simpliġe: do hísliġeaḋ mé, agus do ṡáor sé mé.

7 Iompóiġ ó manam, ċum do ṡuáiṁneasa; óir do friṫ an TIĠEARNA go tioḋlaicṫeaċ ort.

8 Do ḃríġ gur ṡáor tú manam ó ḃás, mo ṡúile ó ḋéaruiḃ, mo ċos ó sciorraḋ.

9 Sioḃolad ar maġaiḋ ós coinne an TIĠEARNA a ttalaṁ na mbéo.

10 Do ċreid mé, uime sin do laḃair mé: do ḃí mé buáiḋearṫa go hanṁór.

11 A duḃras ann mo ḋeiṫnios, Atá a nuile ḋuine bréagaċ.

12 Cred an luáiḋeaċd do ḃéaras mé don TIĠEARNA ar son a ṫaḃartas daṁ?

13 Géaḃa me cupán an tslánuiġṫe, agus goirfead air ainm an TIĠEARNA.

14 Coiṁlíonfa mé mo ṁóide don TIĠEARNA anois ós coinne a ḋaóine uile.

15 Is mórluáiġ a ḃfíaġnuise an TIĠEARNA bás a náoṁ.

16 A ṪIĠEARNA, go deiṁin is mé do ṡeirḃíseaċ; is mé do ṡeirḃíseaċ, agus mac hinnilte: do sgáoil tú mo ċúiḃriġṫe.

17 Is duitsi do ḋéana mé ioḋbarṫa an ṁolta, agus air ainm an TIĠEARNA ġoirfios mé.

18 Diolfa mé mo ṁóide ris an TTIĠEARNA anois ós coinne a ṗobail uile,

19 A ccúirtiḃ ṫiġe an TIĠEARNA, ann do ṁeaḋónsa, a Ierusalem. Moluiḋ an TlĠEARNA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan