Psailm 115 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm CXV. Dee na nccineaḋaċ gan aiṫne gan ḟóġna. 1 Ni dúinne, a ṪIĠEARNA, ní dúinne, aċt dot ainm féin taḃair glóir, ar son do ṫrócaire, agus ṫfírinne. 2 Cred fa naibeoraidís na geinte, Cáit a nois a ḃfuil a Ndía? 3 Aċt atá ar Ndíane annsna neaṁuiḃ: a nuile ní dob áill leis do rinne sé. 4 Is airgiod agus ór a níoṁáiġṫe, obair láiṁe duine. 5 Atá béul aca, agus ní laḃruid: atáid súile aca, agus ní ḟaicid síad: 6 Atáid ċlúasa aca, agus ní ċluinid: atá srón aca, agus ní ḃoltnuiġid. 7 Atáid láṁa aca, agus ní ṁoṫuiġid: atáid cosa aca, agus ní ṡiuḃluid: ní laḃruid síad le na scórnuiġ. 8 Is cosṁuil ríu an luċt do ní íad; a nuile duine ċuirios a ḋóiġ ionta. 9 O Israel, cuirsi do ḋóiġ annsa TIĠEARNA: is eision a ḃfear tárṫala agus a sgíaṫ. 10 O a ṫiġ Aaron, cuiriḋsi ḃur ndóiġ annsa TIĠEARNA: is eision a ḃfear tárṫala agus a sgíaṫ. 11 Siḃsi noċ air a ḃfuil eagla an TIĠEARNA, cuiriḋ ḃur ndóiġ annsa TIĠEARNA: is eision a ḃfear tárṫala agus a sgíaṫ. 12 An TIĠEARNA noċ do ċuiṁniḋ sinn beinneoċuiḋ se sinn; beinneoċuiḋ sé tiġ Israel; beinneoċuiḋ sé tiġ Aaron. 13 Beinneoċuiḋ sé an luċt air a ḃfuil eagla an TIĠEARNA, an beag maille ris an mór. 14 Méideoċa an TIĠEARNA siḃ ni sa ṁó agus ni sa ṁó siḃ féin agus ḃur cclann. 15 Is beannuiġ siḃ ón TTIĠEARNA noċ do rinne neaṁ agus talaṁ. 16 Is leis an TTIĠEARNA, neaṁ, na neaṁa: agus ṫug sé an talaṁ do ċloinn na ndáoine. 17 Ní ṁoluid na mairḃ an TIĠEARNA, nó an luċt ṫéid síos a nuáignios. 18 Aċt beinnoċaimne an TIĠEARNA ó núairsi súas agus go bráṫ. Moluiḋsi an TIĠEARNA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society