Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 114 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm CXIV. Sliġe reiḋ na Nisraélaċ as Egipt.

1 Ann tan do ċuáiḋ Israel amaċ ón Négipt, tiġ Iácob ó na dáoiniḃ barbarṫa;

2 Do ḃí a náoṁṫaċd ann Iúdah, a Nisrael a ṫiġearnas.

3 Do ċonnairc an ṁuir sin, agus do ṫeiṫ: diompóiġ sruṫ Iordan, air a hais?

4 Do lingeadar na sléiḃte aṁail reiṫeaḋ, na cnoic mar óga an tréada.

5 Cred ba ciontaċ leaċd, ó a ṁuir as ar ṫeiṫ tú? ṫusa a Iordan, as ar ḟill tú ar hais?

6 Siḃsi a ṡléiḃte, as ar lingeaḃair aṁail reiṫeaḋ; siḃsi a ċnoca, mar óga an tréada?

7 Crioṫnuiḋ ṫusa, a ṫalaiṁ, a laṫair an TIĠEARNA, a laṫair Dé Iácob;

8 Noċ iompoiġeas an ċarrac a lóċán uisge, an ċloiċṫeine a ttiobraid uisgeaḋ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan