Psailm 113 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm CXIII. Togḃuiḋ Día an boċt, agus ḃeir clann do naimrid. 1 Moluiḋ an TIĠEARNA. Moluiḋ, a ṡeirḃiseaċa an TIĠEARNA, moluiḋ ainm an TIĠEARNA. 2 Biáiḋ ainm an TIĠEARNA beannuiġ ó nuáirsi agus go bráṫ. 3 O éirġe na gréine gus a dul faói bíoḋ ainm an TIĠEARNA molta. 4 Is árd ós cionn a nuile ċineaḋaċ an TIĠEARNA, ós cionn na neaṁ atá a ġlóir. 5 Cía atá cosṁuil re ar TTIĠEARNA Día, noċ árduiġeas é féin a náitreaḃ, 6 Noċ uṁluiġíos é féin dféaċuin annsna neaṁuiḃ, agus annsa talaṁ! 7 Noċ ṫógḃus súas an boċt as an luáiṫreaḋ, árduiġios an tuireasḃaċ ó náoileaċ; 8 Ċum a ṡuiġṫe a ḃfoċair ṗrionnsuiḋe, a ḃfoċair ṗrionnsuiḋe a ṗobail. 9 Noċ do ḃeir air ṁnaói aimrid áitreaḃ san tiġ, na maṫair lúaṫġáiriġ ċloinne. Moluiḋse an TIĠEARNA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society