Psailm 112 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm CXII. Is le duine díaġa a ċuid do ṁaiṫ na béaṫasa, agus don aiṫḃeaṫa; ge go mbia tnú ag droċḋaoiniḃ ris. 1 Molaiḋ an TIĠEARNA. Is beannuiġe an duine air a ḃfuil eagla an TIĠEARNA, agá ḃfuil dúil iona aiṫeantaiḃ go ro ṁór. 2 Buḋ cuṁaċtaċ air an ttalaṁ a ṡlioċt: biáiḋ ginealaċ a nfíréin beannuiġ. 3 Atá saiḋḃrios agus maóin iona ṫiġ: agus seasfuiḋ a ḟíréantaċd go bráṫ. 4 Eirġiḋ solus don droing ḋíriġ san dorċadas: don ġrásaṁuil, don trócaireaċ, agus do nfíréan. 5 Atá an duine maiṫ grásaṁuil, agus áirleacṫaċ: ceannsoċaiḋ sé a ḃríaṫra le breiṫeaṁnus. 6 Oír ní corroċṫar é ċoiḋċe: biáiḋ an fíréun a gcuiṁne ṡíorruiḋe. 7 Ní ḃiáiḋ eagla air roiṁe ḋroiċscéuluiḃ: atá a ċroiḋe diongṁalta, ag cur a ḋóṫċuis san TIĠEARNA. 8 Atá a ċroiḋe diongṁálta, ní ḃiáiḋ eagla air, nó go ḃfacaiḋ a ṁían ar luċt a ḃuaiḋearṫa. 9 Do spréiḋ sé, ṫug sé do na boċtaiḃ; mairiġ a ḟíréantaċt go síorruiḋe; biáiḋ a aḋarc ar na hárduġaḋ le glóir. 10 Ċífe an peacaċ sin, agus biáiḋ fearg air; do ḋéana sé díosgán ré na ḟíacluiḃ, agus leiġfe sé: meiṫfe mían an ṗeacaiḋ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society