Psailm 111 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm CXI. Adṁail ṫioḋlaicṫe Spioradalta, a nam caiṫeaṁ a nuáin ċáisg. 1 Molaiḋ an TIĠEARNA. Molfa misi an TIĠEARNA rém ċroiḋe iomláin, a ccoṁḋáil na ndíreaċ, agus annsa ccoiṁṫional. 2 Is aḋḃal oibreaċa an TIĠEARNA, ar na ttaisbeanaḋ do nuile ḋuine, agá ḃfuil dúil ionnta. 3 Is glóir agus is daṫaṁlaċd a obair: agus seasuiḋ a ḟíréantaċd ċoiḋċe. 4 Do ċuir sé a oibreaċa iongantaċa air cuiṁne: atá an TIĠEARNA grásaṁuil agus lán do ṫruáiġe. 5 Ṫug sé bíaḋ don luċt ar a ḃfuil a eagla: cuiṁneóċuiḋ sé a ċonnraḋ go bráṫ. 6 Do ṫaisbéin sé cuṁaċta a oibreaċ dá ḋaóiniḃ, do ṫaḃairt oiġreaċda na ngeinteaḋ ḋóiḃ. 7 Fírinne agus breiṫeaṁnus a síad oibreaċa a láṁ; atáid a aiṫeanta uile coinġiollaċ. 8 Atáid ar na suiġiuġaḋ go bráṫ, ullaṁ a ḃfírinne agus a cceart. 9 Do ċuir sé fuasglaḋ ċum a ḋaóine: daiṫin sé go síorruiḋe a ċonnraḋ: is náoṁṫa agus onóraċ a ainm. 10 Asé eagla Dé tosaċ na heagna: is maiṫ an tuigse atá acasan uile do ní a aiṫeanta: mairiġ a ṁolaḋ go bráṫ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society