Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 110 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm CX. Riġeaċd, 4 sagartaċt Ċriosd, 5 lé buáiḋ a ċeasaiḋ.
Psalm Ḋáiḃi.

1 A duḃairt an TIĠEARNA lem Ṫiġearna, Suiḋsi air mo láiṁ ḋeis, go ndéarna mé do cosstól dot naiṁdiḃ.

2 Cuirfe an TIĠEARNA slat do neirt amaċ as Sion: déan úaċtaranaċd a meaḋon do náṁad.

3 Bíaid do ḋaóine ro ḟonnṁar a ló do ċuṁaċda, a sgéiṁ náoṁṫaċda ó ḃroinn na maidne: biáiḋ agadsa drúċt hoige.

4 Do ṁionnuiġ an TIĠEARNA, agus ní bía aiṫreaċus air, Is sagart ṫusa go síorruiḋe do réir uird Ṁelċísedec.

5 An TIĠEARNA air do láiṁ ḋeis loitfiḋ sé ríġṫe a ló a ḟeirge.

6 Do ḋéana se breiṫeaṁnus a measg na gcíneaḋaċ, ag líonaḋ a nuile áite le córpuiḃ marḃa; ag lot na cceann ós cionn tíre móire.

7 Ioḃuiḋ sé deoċ as a tsruṫ air an ród: ar a naḋḃarsin tóigfe sé súas an ceann.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan