Psailm 11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm XI. Gu ḃfuil cumann ḃaoġlaċ na ndroċ ḋaoine, inṡeaċanta. Don ṗríṁḟear ceóil, Psalm Ḋáiḃi. 1 Annsa TIĠEARNA ċuirim mo ḋóiġ: cionnus a deir siḃsi rem anam, Eitill mar éun ċum do ṡléiḃe? 2 Oír, féuċ, lubaid na cionntaiġ a mboġa, do níd a saiġiod réiġ air an tsraing; ċor go ccaiṫfidís go foluiġeaċ air an ḃfíréun a ccroiḋe. 3 Má scriostar na bunáite, cred is féidir leis na fíréunuiḃ do ḋéanaṁ? 4 Atá an TIĠEARNA ann a ṫeampall naoṁṫa, atá árdċaṫaóir an TIĠEARNA air neaṁ: do ḃeirid a ṡúile aire, teastuiġid forrḋuḃa a ṡúl, clann a ndaóine. 5 Dearḃuiḋ an TIĠEARNA an fíréun: aċt an ciontaċ agus an té ġráḋuiġios foiréigion fúaṫuiġiḋ a anam. 6 Air an cciontaċ fearfuiḋ sé paintéur teine, agus ruiḃ, agus anfaḋ ṫinntiḋe: buḋ é so coṁroinn a ccupáin. 7 Oír an TIĠEARNA fíréanta is ionṁuin leis fíréantaċd; do ḃeir a ġnúis aire do ḋuine díreaċ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society