Psailm 109 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm CIX. Tairġir ar scrios a naṁad niṁneaċ, mar scáṫan ar Iúdas. Don ṗríṁḟear ceóil, Psalm Ḋáiḃi. 1 O a Ḋé mo ṁolta, ná bí ad ṫoċt; 2 Oír atá béul a nurċóidiġ agus béul na gangaide foscuilte am aġaiḋ: laḃruid síad am aġaiḋ le teangaiḋ ḃréagaċ. 3 Agus ré bríaṫraiḃ fúaṫṁara do ġaḃadar am ṫimċioll mar an gceadna; agus caṫuiġid am aġaiḋ gan aḋḃar. 4 Ar son mo ġráḋa atáid na neascáirde agam: agus misi ag urnaiġ. 5 Agus do ṫoirḃriodar ḋaṁ olc a naġaiḋ maiṫeasa, agus fúaṫ ar son mo ġráḋa. 6 Suiġiḋse an ciontaċ ós a ċionn: agus seasaḋ Sátan air a láiṁ ḋeis. 7 A nuáir ḃeirṫior breaṫ air, damnuiġṫear é: agus iompoiġṫear a urnaiġ a bpeacaḋ. 8 Go maḋ gann a laéṫe, agus gaḃaḋ duine oile a oifig. 9 Bíoḋ a ċlann na ndílleaċdaiḃ, agus a ḃean na baintreaḃaiġ. 10 Agus bioḋ a ċlann ar seaċrán do ġnáṫ, agus ag íarruiḋ déirce: agus íarruid mar an gceadna as a náitiḃ uáigneaċa. 11 Glacaḋ fear na ḃfíaċ an ṁéid atá aige; agus creaċaidís coigcriċiḋ a ṡáoṫar. 12 Ná bíoḋ ann duine do ṡínfeaḋ oineaċ ċuige: agus na bíoḋ áon do ṫaisbeanaḋ trócaire dá ċloinn gan aṫair. 13 Géarrṫar a ṡlioċt úaḋ; agus a nginealaċ oile scriostar amaċ a ainm. 14 Bíoḋ peacuiḋe a aiṫreaḋ ar cuiṁne ag an TTIĠEARNA; agus ná scriostar amaċ cionta a ṁaṫar. 15 Bídís do laṫair an TIĠEARNA do ġnáṫ, go ngearra sé amaċ a ccuiṁne don talaṁ. 16 Do ḃríġ nár ċuiṁniġ sé cinéul dfoillsiuġaḋ, aċd go ndéarna ainleanṁuin air an duine boċd mbúaiḋearṫa, ionnus go muirfeaḋ sé an duine tuirseaċ a ccroiḋe. 17 Mar do ġraḋuiġ sé easgaine, agus tigeaḋ si air: mar naċ raiḃ dúil aige a mbeannuġaḋ, bíoḋ sin a ḃfad úaḋ. 18 Mar déaduiġ sé é féin le heasgaine mar a ċulaiḋ, imṫiġeaḋ sin mar uisge a steaċ iona ṁeaḋón, agus mar ola ann a ċnaṁuiḃ. 19 Bíoḋ sin aige mar a néadaċ lé a ḃfoluiġeann é féin, agus mar ċrios lé a ccriosluiġeann é féin do ġnáṫ. 20 Go má hé so luáiḋeaċt measccarrad ón TIĠEARNA, agus na druinge noċ laḃrus olc a naġaiḋ manma. 21 Aċt tusa a Ḋía mo ṪIĠEARNA, oibriġ leamsa ar son hanma: do ḃríġ gur maiṫ do ṫrocaire, sáor mé. 22 Oir is buáiḋearṫa easḃuiḋeaċ mé, agus atá mo ċroiḋe créaċdnuiġṫe ionnam a stiġ. 23 Atáim ar nimṫeaċt mar an scáile an tan ċláonas: atáim ar mo ċroṫaḋ as mar an lócust. 24 Atáid mo ġlúine lag tre ṫrosgaḋ; agus atá mfeóil trúaġ gan ṁéaṫus. 25 Agus atáim am scannail doiḃsion: a nuáir do ċíd mé croiṫid a gceann. 26 Tárṫaiġ mé, a ṪIĠEARNA mo Ḋía: sáor mé do réir do ṫrócaire. 27 Ionnus go mbía a ḟios aca gur bí so do láṁsa; gur tusa, a ṪIĠEARNA, do rinne é. 28 Mailluiġdíssion, aċd beannuiġsi: a nuáir éirġid, claóiḋtior iad; aċt déanaḋ do ṡeirḃíseaċsa lúaṫġáire. 29 Eaduiġṫear measccáirde lé náire, agus foluiġdís íad féin re cláois, mar buḋ le falluing. 30 Molfa mé an TIĠEARNA lem ḃéul go mór; agus a measg iomad daóine ṁolfas me é. 31 Oír seasfuiḋ sé ar láiṁ ḋeis a nuireasḃuiġ, dá ṡáoraḋ úaṫasan noċ do ḋaimneoċaḋ a anam. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society