Psailm 107 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm CVII. Moḋ ḃreiṫ buiḋeaċuis do Ḋía arson a ḟúascalta as gaċ cuṁgaċ. 1 Moluiḋsi an TIĠEARNA, óir is maiṫ é: óir mairiġ a ṫrócaire go bráṫ. 2 Abraidís an dream noċ dfúascail an TIĠEARNA, noċ dfúascail sé ó láiṁ na daóirse; 3 Agus do ċruinniġ íad as na críoċaiḃ, ó náird ṡoir, agus ó náird ṡíar, agus ó náird ṫuáiġ, agus ṫeas. 4 Do ḃádar ar seaċrán annsa ḃfásaċ a sliġe uáigniḋ; caiṫreaċa áitreiḃṫe ní ḃfúaradar. 5 Ocraċ agus tartṁar, do lagaiḋ a nanam ionta. 6 Feaċd do ġáireadar ċum an TIĠEARNA iona nanacair, do ṡáor sé íad ó na gcuṁgaċ. 7 Agus do ṫréoruiġ sé íad a sliġe ḋíriġ, do ḋul go caṫruiġ áitriġṫe. 8 Adṁuiġdís don TIĠEARNA a ṫrócaire, agus a oibreaċa iongantaċa do ċloinn na ndáoine! 9 Oír sásuiḋ sé an tanam tartṁar, agus líonuiḋ sé an tanam ocraċ lé maiṫ. 10 An luċt so noċ ṡuiġios a ndorċadus agus a sgáile an ḃáis, cuiḃriġṫe a mbuáiḋreaḋ agus a niarann; 11 Do ḃríġ gur ċaṫuiġeadar a naġaiḋ ḃríaṫra Dé, agus gur ṫarcuisniġeadar coṁairle an té is Airde: 12 Ar a naḋḃarsin ṫug seision a ccroiḋe a núas ré búaiḋreaḋ; do ṫuisliġiodar, agus ní raiḃ fear da ḃfurtaċd. 13 Agus déiġeadar ċum an TIĠEARNA íona mbuáiḋreaḋ, do ṡáor sé íad ó na gcuṁgaċ. 14 Agus ṫug sé amaċ íad as dorċadus agus scáile an ḃáis, agus do ḃris a ccuiḃriġṫe o ċeile. 15 O go molaidis an TIĠEARNA air son a ṫrócaire, agus a oibreaċa iongantaċa do ċloinn na ndáoine! 16 Oír do ḃris sé na geataḋa práis, agus do ġearr sé na barraḋa íaruinn o ċeile. 17 Buáiḋearṫar amadain do ḃríġ a naindliġe, agus do ḃríġ a bpeacaiḋ. 18 Dfúaṫaiġ a nanam a nuile ḃíaḋ; tigid a ngar do ḋoirsiḃ an ḃáis. 19 Agus do ġáireadar ċum an TIĠEARNA iona nanacair, ó na gcuṁgaċ do ṡáor sé íad. 20 Do ċuir sé a ḃríaṫar, agus do leiġis íad, agus do ṫárṫuiġ íad ó na milleaḋ. 21 Adṁuiġdis don TIĠEARNA arson a ṫrócaire, agus a oibreaċa iongantaċa do ċloinn na ndaóine! 22 Agus íoḋbraidís íoḋbarṫa molta, agus foillsiġidis a oibreaċa lé lúaṫġáire. 23 An luċt ṫéid síos ċum na fairge a lungaiḃ, noċ do ní a nobair a nuisgeaḋuiḃ móra; 24 Do ċíd oibreaċa an TIĠEARNA, agus a ionganta annsa naigéan. 25 Oír aiṫniġionn seision, agus seasfuiḋ gáoṫ anfaḋaċ, agus tóigfe súas a ṫonna sin. 26 Raċaid súas go nuige neaṁ, raċaid síos gus a naigéan: leaġaiḋ a nanam tre ḃuáiḋreaḋ. 27 Iompoiġid ċuige is úaḋa, agus tuismiḋid mar ḟear meisge, agus ataid ag críoċ an éugnaḋ. 28 Annsin gáirid ċum an TIĠEARNA ann a nanacair, agus do ḃéaruiḋ amaċ íad ó na gcuṁgaċ. 29 Tráoṫfuiḋ an tanfaḋ a cciúnas, agus béid a ttonna sin na coṁnuiġe. 30 Agus béid lúaṫġáireaċ do ḃríġ go mbéid síad súaiṁneaċ; agus tréoroċuiḋ íad go cúan a ttoile. 31 Adṁuiġdís don TIĠEARNA a oineaċ, agus a oibreaċa iongantaċa do ċloinn na ndaóine! 32 Agus móruiġedís é a gcoiṁṫionól na ndaóine, agus a nionad súiġe na sinnsior molaidís é. 33 Iompóiġe sé aiḃne a mbáinsiḋ, agus toibreaċa uisge a dtalaṁ ttartṁar; 34 Fearann tórṫaċ a ngorta, ar son corbaiḋ an luċta noċ áitriġios ann. 35 Iompoiġe sé fásaċ a loċ uisge, agus fearann tirim a ttoibriḃ fíoruisge. 36 Agus cuiriḋ na hocraiġ na ccoṁnuiġe annsin, go nullṁuiġid caṫair ċum áitreiḃṫe; 37 Agus go ccuirid maċaireaḋa, agus go ndéanaid fíneaṁna, agus do ḃéaraid toraḋ bisiġ. 38 Beinneoċuiḋ sé íad mar an gceadna, agus méideoċaiḋ go mór; agus ní laiġdeoċaiḋ sé a neallaċ. 39 Agus a rís, laġduiġear íad agus do ḃearṫar a núas íad le sarúġaḋ, le holc, agus le doilġios. 40 Dóirtiġ sé tarcuisne air ṗrionnsuiġiḃ, agus do ḃeir orra ḃeiṫ air seaċrán annsa ḃfásaċ, mar naċ ḃfuil sliġe ar biṫ. 41 Agus tóigfe sé súas an boċt ó aindeise, agus do ni sé muinnteara ḋó mar ṫréud. 42 Do ċife an fíréun sin, agus biáiḋ lúaṫġaireaċ: agus druidfe a nuile éaigceart a ḃéul. 43 Cía atá críonna, agus ḃeirios na neiṫeso dá aire, agus tuigfiḋ siad cinéul gráḋaċ an TIĠEARNA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society