Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 106 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm CVI. Iomadaṁlaċd ṫaḃartuis Dé, 13 agus cláonaḋ míonaireaċ na ndaoine.

1 Moluiḋe an TIĠEARNA. O taḃaríġe búiḋeaċas don DTIĠEARNA; óir is maiṫ é: óir mairiḋ a ṫrócaire go síorruiḋe.

2 Cía ḟéadas neart an TIĠEARNA ċanaṁuin? a ṁolaḋ uile dfoillsiuġaḋ?

3 Is beannuiġe an drong noċ ċoiṁéadas breiṫeaṁnus, an tí do ní fíréuntas san nuile am.

4 Cuiṁniġ orumsa, a ṪIĠEARNA, re faḃar do ḋaoine: fiosruiġ mé red ṡlánuġaḋ;

5 Ionnus go ḃfaicfe mé maiṫ do ḋaóine toġṫa, go ndéana mé gairdeaċus a lúaṫġáire do ḋaoine, go ndéana mé glóir led oiġreaċd.

6 Do ṗeacuiġeamar lé ar naiṫriḃ, do rinneamar cionta, do rinneamar neiṫe coiripe.

7 Níor ṫuigeadar ar naiṫre do ṁíorḃuilesi san Négipt; níor ċuiṁníġeadar iomad do ṫrócaireaḋa; aċt do ċeannairgeadar ag an muir, ag an muir Ruáiḋ.

8 Aċt ċeana do ṡáor sé iad ar son a anma féin, ċum a ċuṁaċd do ċur a nuṁuil.

9 Agus dimḋearg sé an ṁuir Rúaḋ mar an gceadna, agus do tiormuiġeaḋ súas í: agus tugaḋ orrasan siuḃal annsna haigéanuiḃ, mar an ndíoṫraṁ.

10 Agus do ṡáor sé íad ó na láṁuiḃsion noċ do ḟúaṫaiġ íad, agus dfúasgail sé íad amaċ as láiṁ na náṁad.

11 Agus dfoluiġ na huisgeaḋa a naiṁde: níor fágḃaḋ áon aca.

12 Annsin do ċreidiodar a ḃríaṫra; do ċanadar a ṁolaḋ.

13 Do ḋearmadar go doiṫ a oibreaċa; níor ḟanadar le na ċoṁairle:

14 Agus do rinneadar anntoil ré hainṁian san díoṫraṁ, agus do ċuireadar caṫuġaḋ air Ḋía annsa nuáignios.

15 Agus ṫug sé ḋóiḃ a níarratas; aċt do ċuir crúas a steaċ iona ccroiḋe.

16 Agus do ṫnúṫuiġeadar re Maóise mar an gceadna annsa ċampa, agus ré Aaron áon náoṁṫa an TIĠEARNA.

17 Dfoscail an talaṁ agus do ṡluig sé Dátan, agus dfoluiġ sé coiṁṫionól Abíram.

18 Agus do faduiġeaḋ teine iona ccoṁḋáil; do loisg an lasair súas na ciontuiġ.

19 Do rinneadar láoġ ann Hóreb, agus do aḋradar don íoṁáiġ leaġṫa.

20 Agus do áṫruiġeadar a nglóir a gcosaṁlaċd ḋaiṁ noċ iṫios féur.

21 Do ḋearmadar Día a slánaiġṫeóir, noċ do rinne neiṫe móra san Négipt;

22 Ionganta a ttalaṁ Ċam, neiṫe úaṫḃásaċa ag an muir Ruáiḋ.

23 Agus do laḃair sé dá milleaḋ, mun ḃeiṫ gur ṡeas Maóise a ḟear toġṫa annsa mbeirn ós a ċoinne, diompóġ a ḟeirge úaṫa, deaglo go scriosfaḋ sé íad.

24 Agus do ṫarcuisniġeadar an talaṁ áoiḃinn, níor ċreideadar a ḃríaṫar:

25 Agus do rinneadar iṫiomráḋ iona bpáillíunuiḃ, níor éisteadar re guṫ an TIĠEARNA.

26 Agus do ṫóig seision súas a láṁ na naġaiḋ, da sgrios annsa díoṫraṁ:

27 Do sgrios a sleaċda mar an ccéadna a measg na gcineaḋaċ, agus da spréaġaḋ annsa dúṫaiġ.

28 Agus do ċeangladar íad féin ré Baal-peor mar an gceadna, agus diṫiodar íoḋbarṫa na marḃ.

29 Agus do ḃrostuiġeadar ċum feirge é le na ngníoṁuiḃ: agus do ḃris an ṗláiġ a steaċ orra.

30 Agus déirġiḋ Ṗineas súas, agus do ċuir breiṫeaṁnus a ccríċ: agus do toirmiosgaḋ an ṗláiġ.

31 Agus do measaḋ sin dó mar ḟíréuntaċd ó ġinealaċ go ginealaċ go siurruiġe.

32 Agus do ḃrostuiġeadar é mar an gceudna ag uisgeaḋuiḃ Meribah, agus do ḃí sin go holc ag Maóise air a sonsan:

33 Do ḃríġ gur ḃrostuiġeadar a spiorad, agus gur laḃair sé go neiṁċéilliġe lé na ḃéul.

34 Níor ṁilliodar na cineaḋaċa, da ttáoḃ a ttug an TIĠEARNA aiṫne ḋóiḃ:

35 Aċt do ċoiṁmeasgadar íad féin leis na cineaḋaċaiḃ, agus do rinneadar a noibreaċa dfoġluim.

36 Agus do aḋradar dá nioḋaluiḃ: agus do ḃádar dóiḃsion mar ṗaintéar.

37 Agus do íoḋbradar a mic agus a ninġiona do ḋíaḃluiḃ,

38 Agus do ḋóirteadar fuil neiṁċiontaċ, fuil a mac agus a ninġean, noċ do íoḋbradar do ḋíaḃluiḃ Ċánáan: agus do ḃí an talaṁ ar na ṫruailliuġaḋ le fuil.

39 Agus do ḃádar ar na salċaḋ le na noibreaċaiḃ féin, agus do ċuadar re méirdreaċus le na naigiontaiḃ féin.

40 Ar an aḃarsin do ḃí an TIĠEARNA feargaċ le na ḋaóiniḃ, agus dfúaṫaiġ sé a oiġreaċt féin.

41 Agus ṫug sé íad a láiṁ na gcineaḋaċ; agus do ḃádar na ttiġearnuiḃ ós a gcionn agá raiḃ fúaṫ orra.

42 Agus ḃrúiġeadar a naiṁde íad mar an gceadna, agus do ḃádar ar na núṁluġaḋ fáoi na láiṁ.

43 Do ṡáor sé íad go minic; agus do ḃrostuiġeadar é le na ccoṁairliḃ; agus do hísliġeaḋ íad ar son a gcionta.

44 Aċt giḋeaḋ do ċonnairc sé an tan do ḃíoḋ anacair orra, a nuáir do ċúalaiḋ sé a néiġṁe:

45 Agus do ċuiṁniġ sé ḋóiḃ a ċunraḋ, agus do ḃí aiṫreaċus air do réir iomad a ṫrócaire.

46 Agus ṫug sé air gaċ áon dá rug léo íad a mbraiġdionas truaiġe do ḋéanaṁ ḋóiḃ.

47 Sáor sinn, a ṪIĠEARNA ar Ndía, agus cruinniġ sinn ó na cineaḋaċaiḃ, ċum buiḋeaċus do ṫaḃairt dot ainm náoṁṫa, agus do ċaiṫréimiuġaḋ ann do ṁolaḋ.

48 Go maḋ beannuiġ ḃías an TIĠEARNA Día Israel ó ṡíorruiġeaċd go síorruiġeaċt: agus abraidís na daóine uile, Amen. Molaiḋ an TIĠEARNA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan