Psailm 105 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm CV. Dioġluim as eaċdarḋaiḃ Israel, mur aṫ-ċuiṁne ar ṁirḃuiltiḃ Dé. 1 Tugaiḋ búiḋeaċus don TIĠEARNA; goiriḋ air a ainm: foillsiġiḋ a measg na gcineaḋaċ a ġníoṁarṫa. 2 Canuiḋ ḋó, canuiḋ psalm ḋó: laḃruiḋ air a iongantuiḃ uile. 3 Déanuiḋ glóir iona ainm náoṁṫa: déanaḋ a gcroiḋesion gáirdeaċus noċ ṡirios an TIĠEARNA. 4 Iarruiḋ an TIĠEARNA, agus a neart: íarruiḋ a aġaiḋ a gcoṁnuiḋe. 5 Cuiṁniġiḋ a ionganta noċ do rinne sé; a ċoṁarṫaḋa, agus breiṫeaṁnuis a ḃéil; 6 Siḃsi a ṡíol Abrahaim a ṡeirḃiseaċ, siḃsi a ċlann Iacob a áon tóġṫa. 7 Is eision an TIĠEARNA ar Ndía: atáid a ḃreiṫeaṁnuis annsa talaṁ uile. 8 Cuiṁniġiḋ sé go síorruiḋe, a ċunnraḋ an ḃríaṫar noċ do aiṫin sé go feaḋ míle ginealaċ. 9 Noċ do ċeangail sé le Abraham, agus a ṁionna do Isaac; 10 Agus do ḋaingniḋ sé é do Iacob mar ḋliġeaḋ, do Israel mar ċunnraḋ síorruiḋe: 11 Ġa ráḋ, Ḋuitsi do ḃéaras misi talaṁ Ċánáan: line ḃur noiġreaċta: 12 A nuáir do ḃádar beagán daóine; ro ḃeagán, agus na gcoigcríoċaiḃ ansin. 13 Agus do ṡiúḃladar ó ċineaḋ go cineaḋ, ó rioġaċd go daoiniḃ oile. 14 Níor ḟulaing sé déanduine éagcoir do ḋéanaṁ orra: aċt ṫug aiṫfior air a son do ríġṫiḃ; 15 Ġa ráḋ, Ná beanaiḋ lém ungṫaċaiḃ, agus dom ḟáiġiḃ na déanuiḋ doċar. 16 Agus do ġoir sé gorta air an ttalaṁ: agus do ḃris sé a nuile stór aráin. 17 Agus do ċuír sé duine rompa, Ioseṗ, noċ do díolaḋ mar ṡeirḃiseaċ: 18 Do ġortuiġeadar ris an ngeiṁiol a ċosa: do cuireaḋ a níarann é: 19 Gus a nam a ttáinic a ḃríaṫar: do ḋeárḃ glór an TIĠEARNA é. 20 Dfúagair an ríġ agus do scaoileaḋ é; úaċtarán na ndaóine, agus do leig é sáor úaḋ. 21 Do ċuir sé é na ṫiġearna air a ṫiġ, agus na úaċdaran iona ṡealḃuiḃ uile: 22 Do ċeangail a ṗrionnsoiḋe ar a ṫoil féin; agus a ċoṁairleaċa ċum go ndéanaḋ eagnuiḋe íad. 23 Agus do ċúaiḋ Israel don Négipt; agus do ċoṁnuiḋ Iácob a ttalaṁ Ċam. 24 Agus ṫug air a ḋaóiniḃ méaduġaḋ go mór; agus do rinne íad ní bu láidre ná a naiṁde. 25 Do iompóiġ sé a ccroiḋe ċum a ḋaoine dfúaṫuġaḋ, agus ċum meaḃla do ḋéanaṁ air a ṡeirḃíseaċaiḃ. 26 Do ċuir sé úaḋ Maóise a ṡeirḃiseaċ; agus Aaron noċ do ṫoġ se féin. 27 Do ċuireadarsan iona measg bríaṫra a ċoṁarṫaḋ, agus ionganta a ttalaṁ Ċam. 28 Do ċuir sé dorċadas ċuca, agus do ḃí sé dorċa; agus níor ċeannairrgeadar a naġaiḋ a ḃréiṫre. 29 Do iompoiġ sé a nuisgeaḋa a ḃfuil, agus do ṁarḃ sé a níasg. 30 Ṫug a ttalaṁ amaċ luisgionna go líonṁar, a seomraḋuiḃ codalta a ríġṫe. 31 Do laḃair sé, agus ṫainic cumasg do ċuiléoguiḃ, míola iona ttéorannuiḃ uile. 32 Do rinne sé cloiċṡneaċda da gceaṫaiḃ, teine lasarḋa iona ttalaṁ. 33 Agus do ḃuáil sé a ḃfíneaṁuin agus a ccrann fíge; agus do ḃris sé crainn a leiṫimil. 34 Do laḃair sé, agus ṫáinic an lócuist, agus an caterpiller, agus níor ḃféidir a náirioṁ, 35 Agus a duádar a nuile luiḃ iona ttalaṁ, agus a duádar súas toraḋ a ḃfearuinn. 36 Agus do ḃuáil sé a gcéidġeine iona ttalaṁ, tosaċ a neirt úile. 37 Agus ṫug sé leis amaċ íad maille re hairgiod agus ré hór: agus ní raiḃ duine meirtneaċ ann a ttreaḃuiḃ. 38 Do ḃí an Négipt lúaṫġáireaċ a núair do imġeadar: óir do ṫuit a neagla orra. 39 Do leaṫnuiġ sé néull mar ḟolaċ; agus teine do ṫaḃairt soluis san noiḋċe. 40 Díarradar, agus ṫug se ċugṫa na gearragoirt, agus do ṡásuiḋ sé íad re harán ó neaṁ. 41 Dfosgail sé an ċarraic, agus do lingeadar na huisgeaḋa amaċ; do reaṫadar a náitiḃ tiorma mar ṡruṫ. 42 Oír do ċuiṁniġ sé bríaṫar a náoṁṫaċda, do Abraham a ṡeirḃíseaċ. 43 Agus ṫug se leis amaċ a ṁuinntír lé gáirdeaċas, a ḋáoine toġṫa lé lúaṫġáire: 44 Agus ṫug sé ḋóiḃ fearann na gcineaḋaċ: agus do ġaḃadar sáoṫar na ndaoine mar oiġreaċd; 45 Iondus go ccongṁaidís a reaċda, agus go ccoiṁéadaidís a ḋliġṫe. Moluiḋesi an TIĠEARNA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society