Psailm 104 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm CIV. Teagasc ar ṁóir-neiṫiḃ nádurḋá, agus ar ḟreasdal Dé. 1 Beannuiġe an TIĠEARNA, ó manam. O a ṪIĠEARNA mo Ḋía, atá tú ro árraċtaċ; re honóir agus re mórḋaċd atá tú éaduiġṫe. 2 Ag cur ṡoluis mar éadaċ ort; ag síneaḋ na ḃflaiṫeas amaċ mar ċúirtín: 3 Noċ ċuirios annsna huisgeaḋuiḃ a ṡeomruiḋe úaċtaraċa: noċ do ní a ċarbad do na néulluiḃ: noċ ṡiuḃlas ar sciaṫanuiḃ na gaóiṫe: 4 Ag déanaṁ spiorad dá aingliḃ; teine lasaṁuil da ṁinistriḃ: 5 Noċ ṡuiġios an talaṁ air a ḟulangaiḃ, go naċ ccorroċuiġ é go bráṫ. 6 Ris a nduḃaigeán mar ḃrát dfoluiġ tú é: ós cionn na slíaḃ do ṡeasadar na huisgeaḋa. 7 Od aċṁusansa do ṫeiṫiodar; ó ġuṫ do ṫoirniġe do ḋeiṫfriġeadar rompa. 8 Tíaġaid na sléiḃte súas; tigid na gleanta a núas ċum a nionaid dórduiġ tusa ḋóiḃ. 9 Do ċuir tú téora cinnte noċ naċ sáireaċuid síad; go naċ ḟillfid siad dfolaċ na talṁan. 10 Noċ ċuirios toibreaċa ann sna gleanntaiḃ, idir na cnocaiḃ siuḃluid síad. 11 Do ḃeirid deoċ duile ainṁiḋe an maċaire: coisgid na hassail ḟíaḋta a ttart. 12 Na ḃfoċair so ċoṁnuiġios éanlaiġ a naiéir, a measg na mbeangán do ḃeirid a nguṫ. 13 Fliuċuiḋ sé na cnuic ó na ṡeomruiḋiḃ úaċtraċ: ré toraḋ hoibreaċsa do líonaḋ an talaṁ. 14 Do ḃeir sé air an ḃféur fás do náirnéis, agus an luiḃ ċum maiṫeasa an duine: ċum aráin do ṫaḃairt amaċ as an ttalaṁ; 15 Noċ do ġáirdiġios croiḋe an duine re fíon, ḃeir ar aġaiḋ deálruġaḋ re hola, agus neartuiġios croiḋe an duine re harán. 16 Atáid croinn an TIĠEARNA sásuiġṫe; séadair Lebanon, noċ do ṗlanntoiġ sé; 17 Mar a ndéanuid a néanlaiṫ a nead: an storc, isé an crann giuṁais a ṫiġ. 18 Na cnoic árda is dídean do na gaḃraiḃ fíaḋta; agus na cairge do na coininíḃ. 19 Do rinne sé an ġealaċ ċum aimsiorrḋaċt: is aiṫne don ġréin a ḋul faoí. 20 Cuiriḋ tú dorċadas, agus biáiḋ a noiḋċe ann: is annsin ṡnáiġid amaċ uile ḃeaṫuiġ állta na coilleaḋ. 21 Na leoṁuin óga ag búirfiḋe ċum a gcreiċe, ag íarruiḋ a mbíḋ ó Ḋía. 22 Eirġe an ġrían, tigid siad a ccean a ċeile, agus luiġid iona nuáṁuiḃ. 23 Raċaiḋ an duine amaċ ċum a oibre agus ċum a ṡáoṫair go traṫnóna. 24 Ca líon hoiḃreaċa, a ṪIĠEARNA! a neagna do rinne tú íad uile: atá an talaṁ lán dot ṡaiḋḃrios. 25 A nfairge fós aḋḃal ḟairsing, annsin atá gaċ ní ṡnáiġios agus ataid dóáirṁe, beaṫuiġe ḃeaga agus móra. 26 Annsin imṫiġid na longa: an míol mór, noċ do ċruṫaiġ tusa do ṡúgraḋ annsin. 27 Feiċṫid síad uile ortsa; ċum a mbeaṫa do ṫaḃairt dóiḃ iona ham féin. 28 Do ḃeir tusa ḋóiḃ é agus cruinniġid síad é: fosclaiḋ tú do láṁ, agus sásuiġear íad re maiṫ. 29 Folċuiġ tú haḋuiġ, agus atáid síad buaiḋearṫa: tairnge tú a nanál air a hais, agus éagaid síad, agus fillid ċum a luaiṫriġ féin. 30 Cuirir do spiorad uáid, agus cruṫuiġear íad: agus aṫnúaiḋṫear aġaiḋ na talṁan. 31 Bíaiḋ glóir an TIĠEARNA go síorruiḋe: do ḋéanaiḋ an TIĠEARNA lúṫġaire iona oibreaċaiḃ. 32 Féuċuiḋ sé air an ttalaṁ, agus crioṫnuiġ sé: beanuiḋ sé leis na sleiḃtiḃ, agus do níd deataċ. 33 Canfad don TIĠEARNA an ccéin ṁairfiod: canfad salm dom Ḋía an ccéin ḃíad ann. 34 Bu milis mo smuáintiġṫe ḋaṫaoḃsan: do ḋéanad gáirdeaċus ansa TTIĠEARNA. 35 Go scriostar na peacṫaiċ amaċ as an ttalaṁ, agus nar raiḃ na cionntuiġ ann nios mó. Beannuiġ ó manam, an TIĠEARNA. Beannuiġe siḃsi an TIĠEARNA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society