Psailm 103 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm CIII. Gairdeaċus an tanam déis a ṡásuġaḋ go mór le grásaiḃ Dé. Psalm Ḋáiḃi. 1 Beannuiġ ó manam, an TIĠEARNA: agus mo íonaṫar uile, a ainm náoṁṫa. 2 Beannuiġ, ó manam, an TIĠEARNA, agus ná dearmaid a ṫioḋlaicṫe uile: 3 Noċ ṁaiṫios do ċionnta uile; noċ leiġisíos huile easláintiġe; 4 Noċ ḟúasglas hanam ó scrios; noċ ċuirios coróin ṁaiṫeasa agus ṫrócaireaḋa ċinéulta ort; 5 Noċ ṡásuiġios do ḃéul ré maiṫ; ata hóige ar na haṫnúaġaḋ mar iolar. 6 Do ní an TIĠEARNA ceart agus breiṫeaṁnus do gaċ áon a leaṫtrom. 7 Dfoíllsiġ sé a ṡliġṫeaċa do Ṁaóise, a oibreaċa do ċlannuiḃ Israel. 8 Atá an TIĠEARNA grásaṁuil agus lán do ṫruáiġe, fad ḟuilingeaċ, agus diomud trócaire. 9 Ní ḃiáiḋ sé ċoiḋċe a nimreasuin: ni mó ċuinneoċus sé a ḟearg go síorruiḋe. 10 Ní do réir ar ccionta do rinne sé ḋúinn; agus ní do réir ar néigceirt ṫug sé luáiḋeaċt dúinn. 11 Aċt mar atá áirde na neaṁ ós cionn na talṁan, atá a oineaċ ċomór sin don luċt air a ḃfuil a eagla. 12 Coṁḟad atá a náird ṡoir ó náird ṡíar, do ċuir sé ar bpeacuiḋe uáinne. 13 Mar ḃíos truáiġe ag aṫair dá ċloinn, is marsin atá truáiġe ag an TTIĠEARNA don luċt air a ḃfuil a eagla. 14 Oír is aiṫne ḋó ar ḃfoirm; cuiṁniġ sé gur luáiṫreaḋ sinn. 15 Atáid láeṫe an duine, mar an ḃféur; mar ḃláṫ an ṁaġa, is marsin ḃías ag bláṫuġaḋ. 16 Oir téid an ġáoṫ ṫairis, agus ní ḃfuil sé ann; agus ní aiṫeonuiḋ a ionad féin é ó sin amaċ. 17 Aċt atá trócaire an TIĠEARNA ó ṡíorruiḋeaċt go síorruiḋeaċt air an luċt air a ḃfuil a eagla, agus a ḟíréuntaċd do ṁacaiḃ mac; 18 Don luċt ċoiṁéudas a ċunnraḋ, don luċt ċuiṁniġios a aiṫeanta dá ndéanaṁ. 19 Do ṡuiġiḋ an TIĠEARNA a ċaṫaóir ríoġa ar neaṁ; agus atá a rioġaċt ag ríaġluġaḋ ós cionn a nuile. 20 Beannuiġesi an TIĠEARNA, a aingle féin, noċ atá árraċdaċ a neart, ag coṁall a aiṫeanta, ag taḃair aire do ġuṫ a ḃreiṫre. 21 Beannuiġe an TIĠEARNA, a ṡluaġsan uile; a luċd friṫeóilte, noċ do ní a ṫoil. 22 Beannuiġe an TIĠEARNA, a oibreaċa uile annsa nuile áit dá ṫiġearnas: beannuiġ ó manam, an TIĠEARNA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society