Psailm 102 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm CII. An cuigeaḋ Psalm Aiṫriġe. Urnaiġ ar son duine ḃuaiḋearṫa, an tan ḃíos sé ar na ṡáruġaḋ, agus ḋóirtios a ġearán ós cóinne an TIĠEARNA . 1 A ṪIĠEARNA, cluinn murnaiġ, agus tigeaḋ mo ċoṁairc ċugadsa. 2 Ná foluiġ haḋuiġ orum annsa ló a mbíad a mbuáiḋreaḋ; cláon ċugam do ċlúas: annsa ló ġairfios mé freagair mé go lúaṫ. 3 Oír do cnaóiḋeaḋ mo láeṫe mar ḋeataċ, agus atáid mo ċnáṁa ar na losgaḋ mar ṫinntéan na teineaḋ. 4 Atá mó ċroiḋe ar na ḃúalaḋ, agus críon mar ḟéur; óir do ḋearmaid mé marán diṫe. 5 Do ḃríġ goṫa mo ċneaduiġ ceangluid mo ċnáṁa dom ḟeóil. 6 Is cosṁuil mé ris an bpelicán annsa díoṫraṁ: atáim mar ulċaḃcan na nuáigneas. 7 Do ním faire, agus atáim mar ġealḃonn na áonar air ṁullaċ an tiġe. 8 Scannluiġid mo naiṁde mé air feaḋ an laói; an drong atá ar meire am aġaiḋ atáid air a mionnuiḃ am aġaiḋ. 9 Oír a duáiġ mé luáiṫ aṁuil arán, agus do ċomuisg mé mo ḋeoċ ré gul, 10 Do ḃríġ ṫfeirgesi agus ṫfioċa: óir do ċuir tú súas mé, agus do ṫeilg tú síos mé. 11 Is cosṁuil mó láeṫe re scáile noċ ṫéarnuiġios; agus atáim aṁuil féur ar ccríonaḋ. 12 Aċt tusa, a ṪIĠEARNA, mairfir go síorruiḋe; agus do ċuiṁne ó ġinealaċ go ginealaċ. 13 Eíreoċa tú, do ḋéana tú trócaire ar Ṡion: óir atá aimsir grása do ḋéanaṁ uirrṫe, a nuáir ċinnte, ar tteaċt. 14 Oír atá dúll ag do ṡeirḃíseaċaiḃ iona cloċaiḃ, agus do níd truáiġe dá luáiṫreaḋ. 15 Ionnus go mbía eagla air na geintiḃ roiṁe ainm an TIĠEARNA, agus air uile ríġṫiḃ na talṁan roiṁe do ġlóir. 16 A nuair ċuirfeas an TIĠEARNA Sion súas, do ċíṫfiġear iona ġlóir é. 17 Dearcfuiḋ sé air urnaiġ na nuirísiol, agus ní ṫarcuisniġfiġ sé a nguiḋe. 18 Scríoḃṫar so don ġinealeaċ ṫiocfas: agus na daóine ċruiṫeoċṫar molfuid an TIĠEARNA. 19 Oír dféuċ sé a núas ó áirde a náoṁṫaċda; do ċonnairc an TIĠEARNA ó na neaṁuiḃ an talaṁ; 20 Ċum go ccluinfeaḋ éagnaċ an ṗríosúnaiġ; go scaóileaḋ sé clann an ḃáis; 21 Dfoillsiuġaḋ anma an TIĠEARNA a Sion, agus a ṁolaḋ ann Ierusalem; 22 Mar ċruinneoċtar na daóine a néinḟeaċd, agus na rioġaċda, ċum seirḃíse do ḋéanaṁ don TIĠEARNA. 23 Do ḃuáiḋir sé mo néart annsa tsliġe; do ġearraiḋ sé mo laéṫe. 24 A dúḃairt mé, O mo Ḋía, na beir as mé a meaḋonn mo laéṫe: tré ġinealaċ na nginealaċ atáid do ḃlíaḋnasa. 25 O ṫosaċ do ṡuiġiḋ tú bunáit na talṁan: agus síad na flaiṫis oibreaċa do láṁ. 26 Meiṫfiḋ síad, aċt mairfe tusa: raċaid uile a ccaiṫeaṁ mar éadaċ; mar ċúlaiḋ do ḋéanair a malairt; agus biáid ar na niomlaóid: 27 Aċt is tusa an tí céadna, agus ní críoċnoċṫar do ḃlíaḋna. 28 Coiṁneoċuid clann do ṡeirḃíseaċ, agus daingneoċar a slioċd ad ḟiaġnuísi. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society