Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm I. Sonas an deaġ ḋuine. 4 Agus anraṫ an droċḋuine.

1 Is beannuiġ an fear naċ siuḃluiġionn a ccoṁairle na neiṁḋiaḋaċ, naċ seasann a sliġe na bpeacaċ, agus naċ suiġionn a suiġeaċán na ttárcuisneaċ.

2 Aċt atá a ḋúil a ndliġeaḋ an TIĠEARNA; agus iona ḋliġeaḋ smuaineann sé do ló agus doiḋċe.

3 Agus biáiḋ sé ccosṁuil re crann plannduiġṫe láiṁ re haiḃniḃ uisge, noċ do ḃeir a ṫoraḋ iona aimsir íomċuḃaiḋ; ní ċríonfuiḋ fós a ḋuille; agus giḋ bé ní do ḋéana sé tiocfaiḋ biseaċ air.

4 Ní mairsin do na míoċráiḃṫiġ: aċt atáid cosṁuil ris an lóċán noċ sgabus an gáoṫ.

5 Ar a naḋḃarsin ní ṡeasfuíd na míoċráiḃṫiġ annsa mbreiṫeaṁnus, ná na peacaiċ a ccoiṁṫionól na ḃfíréun.

6 Oir bí fios sliġe na ḃfiréun ag an TTIĠEARNA: aċt raċaiḋ sliġe na neiṁḋíaḋaċ seaċad.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan