Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ṗilémoin 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil I Impiḋe ar Ṗilemoin, maiṫeaṁnas ḟior-ċriosduiġe ṫaḃair dá óglaċ annsa dioġḃail do ḋearnaḋ.

1 Pol, priosúnaċ Iósa Críosd, agus an dearḃraṫair Timoteus ċum Ṗilémoín ionṁuin, agus ar ḃfear caḃarṫa,

2 Agus ċum Apṗia ġráḋaċ, agus ċum Arċippuis ar gcoiṁḟior coguiḋ, agus ċum ne heaglaisi atá ad ṫiġ:

3 Grása maille riḃ, agus síoṫċáin, ó Ḋía ar Naṫair agus ón Dtíġearna Iósa Críosd.

4 Beirim buiḋeaċus rém Ḋía, ag sior ċuiṁneaḋ ortsa um urnuiġiḃ,

5 (Do ḃriġ go gcluínim iomráḋ do ġráḋasa agus an ċreidim, atá agad a dtáoḃ an Tíġearna Iósa, agus a dtáoḃ na nuile náoṁ;)

6 Ionnus go mbíaḋ cumann do ċreidiṁ éifeaċdaċ a nadṁáil na huile ṁaiṫeasa atá ionnuiḃ tré Iósa Críosd.

7 Oír is mór an gáirdeaċas agus an solás atá aguinn an do ġráḋsa, do ḃríġ go ḃfúaradar inniġe na náoṁ furtaċd ṫríodsa, a ḋearḃráṫair.

8 Uime sin, bíoḋ gur féidir leam ḃeiṫ ro ḋána a Gcriosd ris an ní atá iomċuḃaiḋ dáiṫníuġaḋ ḋíot.

9 Giḋeaḋ ċeana tré ġráḋ is usa liom impiḋe ċur ort, ar mbeíṫ ḋaṁ mar Ṗól ḟoirfe, agus a noir fós um ṗríosúnaċ ar son Iósa Críosd.

10 Guiḋim ṫu air son mom hic Onesimus, noċ do ġeinmé a ngéiḃeanuiḃ:

11 An tí do ḃí ar úairiḃ neaṁṫarḃaċ ḋuit, aċd a nois atá ró-ṫarḃaċ ḋuitse agus daṁsa:

12 Noċ do ċuir mé ar a ais: agus gaḃsa ċugad é, mar mo ċroíḋe féin:

13 Noċ bá mían riumsa a ċongṁáil um ḟoċair féin, ionnus go ndéunaḋ sé miniosdralaċd daṁ a tionadsa, a gcuiḃriġiḃ an tsoisgéil:

14 Giḋeaḋ níor áontuiġ mé éinní ḋéunaṁ gan do ṫoilse; ionnus naċ bíaḋ do ṁaiṫse aṁuil tré éigean, aċd do réir do ṫola féin.

15 As dóiġ gur ab uime dimṫiġ sé ar feaḋ tamuill, ionnus go nglacfá é go síorruiḋe;

16 Ní mar ṡearḃḟoġantuiġe feasda, aċd ós cionn ṡearḃḟoġantuiġe, na ḋearḃráṫair ġráḋaċ, go háiriġe ḋaṁsa, a né naċ mo ná sin duitse, sa gcoluinn agus sa Dtíġearna?

17 Uime sin má atá cumann eadrad agus misi, gaḃ ċugad é mar mé féin.

18 Agus má rinne sé dioġḃáil air biṫ ḋuit nó má ḋliġeann tú éinní ḋe, bíoḋ sé um leiṫse;

19 Misi Pól do sgríoḃ so rém láiṁ féin, do ḃéur díoluiḋeaċd uáim: bíoḋ naċ abruim riot, go ndliġim ṫú féin fós ós a ċeann sin díot.

20 A seaḋ, a ḋearḃráṫair, faġuim gáirdeaċas uáid sa Dtíġearna: cóṁfurtuiġ mo ċroíḋe sa Dtíġearna.

21 Do sgríoḃ mé ċugad, ar mbeiṫ ḋaṁ muniġneaċ as húṁlaċd, ar mbeiṫ a ḟeasa agam go ndéuna tú ní sa ṁó ná mar a deirim.

22 Agus maille ris sin ullṁuiġ lóisdín daṁ: óir atá muiniġin agum go bpronnfuiġear ḋíḃ me tré ḃur nurnuiġíḃ.

23 Cuiriḋ Epaṗras (mo ċóṁṗriosúnaċ a Niósa Críosd,)

24 Marcus, Airistarċus, Démas, agus Lúcas, mo ċóṁluċd cáḃarṫa, mbeannaċd ċugad.

25 Grása ar Dtíġearna Iósa Críosd ré ḃur sbioruid. Amen.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan