Obadiah 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil I. Smaċt Edom arson uaḃar agus euccoir; 17 lé buáiḋ Iacob air, tríd Criosd. 1 Fis Obadiah. Is marso a deir an Tiġearna DIA a ttáoḃ Edom; Do ċuálamar aiṫris ón TTIĠEARNA, agus do cuireaḋ teaċta a measc na ngeinteaḋ, Eirġiḋse, agus eirġiom súas na haġaiḋ a ccaṫ. 2 Féuċ, do rinne mé beag ṫú a measc na ngeinteaḋ: is mór do tarcuisuiġeaḋ ṫú. 3 ¶ Do ṁeall úaḃar do ċroiḋe ṫú, ṫusa ċoṁnuiġios a scalpuiḃ na carrag, ar ḃárd hionad coṁnuiḋe, noċ a deir iona ċroiḋe, Cía ḃéaras misi síos ċum na talṁan? 4 Má atá go náirdeoċa tusa ṫú féin mar an niolar, agus má atá go ccuirfe fú do nead a measc na realtann, do ḃéara misi as sin a nuás ṫú, a deir an TIĠEARNA. 5 Má ṫangadar gaduiġṫe ċugad, má ṫigid sladṁóiriḋ san noiḋċe, ciondus do gearraḋ amaċ ṫú! naċ goidfidís nó go mbeiṫ go lór aca? dá ttigedís luċt cnúasuiġ na ccáor ċugad, naċ ḃfúigfidís cuid do na cáoruiḃ? 6 Ciondus do spíonaḋ amaċ neiṫe Esau ciondus do hiarraḋ súas a neiṫe foluiġṫeaċa! 7 Ṫugadar uile ḋáoine do ċumainn ċum na teórainn ṫú: do ṁealladar na daóine do ḃí síoṫċanta riot tú, agus rugadar buáiḋ ort; ṫug an luċt iṫios harán cneaḋ fúd: ní ḃfuil tuicse ar bíoṫ annsan. 8 Naċ scriosfa misi annsa ló sin, a deir an TIĠEARNA, daóine glioca amaċ as Edom, agus tuicsi as sliaḃ Esau? 9 Agus claóiḋfiġear, do ḋaóine cuṁaċdaċasa, a Ṫéman, ċor go ngéarrfuiġear amaċ le hár a nuile ḋuine do ṡlíaḃ Esau. 10 ¶ Ar son ṫfoiréigin a naġaiḋ do ḃraṫair Iácob foileoċuiḋ náire ṫú, agus géarrfuiġear amaċ ṫú go bráṫ. 11 Annsa ló ar ṡeas tú don taóiḃ oile, annsa ló a rugadar coiṁṫiġiḋ a ṡluáiġ a láiṁ, agus a ndeaċadar eaċtarannuiġ a steaċ iona ġeata, agus ar teilgioḋ crannċair air Ierusalem, do ḃí tusa mar áon díoḃ. 12 Aċt níor ċóir ḋuit féuċuin air lá do ḋearḃraṫar annsa ló a ndéarnaḋ coiṁṫiġeaċ ḋe; ní mo buḋ déanta ḋuit gáirdeaċus ós cloinn Iúdah a ló a naiḋṁillte; ní mó buḋ laḃarṫa ḋuit go huáiḃreaċ a ló na haindeise. 13 Níor ḋúlta ḋuit a steaċ go geata mo ṗobail a ló a naindéise; fós, nior ḃféuċta ḋuit a naindeise a ló a mbuáiḋearṫa; nó láṁ do ċur ar a maóin a ló a naṁgair. 14 Ní mó buḋ seasta ḋuit annsa tsliġe ċrosaiġ, do ġearraḋ amaċ an luċt do ċúaiḋ as díoḃ da ṁuinntir; ní mó buḋ seaċadṫa ḋuit an ṁéid dá ṁuinntir do ḟan a ló na díḃḟeirge. 15 Oír atá lá an TIĠEARNA a ḃfogus air na geintiḃ uile: mar do rinne tusa, do ḋéantar aṁluiḋ riot: iompoċa do luáiḋeaċt air do ċionn féin. 16 Oír aṁuil do iḃeaḃair air mo ṡlíaḃ náoṁṫasa, marsin ioḃuid na geinte uile a ccoṁnuiḋe, aseaḋ, ioḃuid siad, agus sluicfid siad síos, agus béid siad aṁuil is naċ beiṫdís. 17 ¶ Aċt ar ṡlíaḃ Sion biáiḋ tárṫáil, agus biáiḋ náoṁṫaċd annsin; agus sealḃoċuiḋ tiġ Iacob a sealḃ féin. 18 Agus biáiḋ tiġ Iácob na ṫeine, agus tiġ Ióseṗ na lasair, agus tiġ Esau na ċonnlaċ, agus lasfuid ionta, agus dóiṫfid íad; agus ní ḟanfa áon do ṫiġ Esau; óir a duḃairt an TIĠEARNA é. 19 Agus an drong ó ḋeas sealḃoċuid slíaḃ Esau; agus luċt an réitiġ na Ṗilistiniġ: agus sealḃoċuid síad maġa Eṗraim, agus maġa Ṡamaria: agus sealḃoċuiḋ Beniamin Gílead. 20 Agus sealḃoċuid braiġde an tsluáiġse ċloinne Israel fearann na Gcanaaníteaċ, eaḋon go Sareṗat; agus sealḃoċuid braiġde Ierusalem, noċ atá ann Seṗarad, caiṫreaċa an deisceirt. 21 Agus tiucfuiḋ coḃarṫuiġ súas air ṡliaḃ Sion do ḋéanaṁ breiṫeaṁnuis air ṡlíaḃ Esau; agus buḋ leis an TTIĠEARNA an rioġaċd. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society