Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Nehemia 9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IX. Na Hiúduiġe na neisiomlar aiṫreaċuis.

1 Anois annsa ċeaṫraṁaḋ lá ḟiṫċiod don ṁí do ċruinniġeadar clann Israel do ṫroscaḋ, maille re saicéaduiġiḃ, agus cré orra.

2 Agus do ḋealuiḋ slioċd Israel íad féin ó gaċ uile ċoiṁíġṫeaċ, agus do ṡeasadar agus do adṁadar a bpeacuiġ, agus cionta a naiṫreaċ.

3 Agus do ṡeasadar súas iona náit, agus do léiġeadar a leaḃar dliġe a TTIĠEARNA Día an ceaṫraṁaḋ cuid don ló; agus an ceaṫraṁaḋ cuid oile ag adṁáil, agus do aḋradar a TTIĠEARNA Día.

4 ¶ Annsin do ṡeasadar súas ar staiḋreaḋuiḃ, na Leḃiteaċ, Iessua, agus Báni, Cadmiel, Sebahiah, Bunni, Serebiah, Báni, agus Ċenani, agus do éiġeadar do ġuṫ árd ar a TTIĠEARNA a Ndía.

5 Annsin a duḃradar na Leḃitiġ, Iessua, agus Cadmíel, Báni, Hasabniah, Serebiah, Hodiiah, Sebaniah, agus Petahiah, Seasuiḋ súas agus beannuiġ ḃur TIĠEARNA Día a sáoġal na saoġal: agus go maḋ beannuiġ hainm glórṁar, noċ atá ár nárduġaḋ ós cionn gaċ uile ḃeannuiġṫe agus ṁolta.

6 Tusa, eaḋon tusa aṁáin, as TIĠEARNA ann; is tú do rinne neaṁ, flaiṫeas na ḃflaiṫeas, maille re na slúaġ uile, an taluṁ, agus na huile neiṫe dá ḃfuil ann, na fairgeaġḋa agus a nuile ní dá ḃfuil ionta, agus cuṁduiġiḋ tusa íad uile, agus aḋruiḋ sluaġ niṁe ṫu.

7 Is tú an TIĠEARNA Día, noċ do ṫoġ Abram, agus ṫug amaċ é as Ur na Ccaildeánaċ, agus ṫug Abraham dainm air;

8 Agus fúair tú a ċroiḋe fírinneaċ ad ḟiaġnuise, agus do rinne tú cunnraḋ ris, dúiṫċe na Ccanaaniteaċ, agus na Hittiteaċ, agus na Namoriteaċ, agus na Bperisiteaċ, agus na Iebusiteaċ, agus na Girgasiteaċ, do ṫaḃairt dá ṡíol, agus do ċoṁuill tú do ḃríaṫra; óir atá tú fíréanta:

9 Agus do ċonnairc tú pían ar naiṫreaḋ san Négipt, agus do ċúala tú a néiġeaṁ ag an muir Ruáiḋ;

10 Agus do ṫaisbéin tú coṁarṫaḋa agus ionganta air Ṗarao, agus air a ṁuinntir uile, agus ar ḋaóiniḃ a ṫíre uile: óir do ḃí a ḟíos agad go ndéarnadar go húaiḃreaċ na naġuiḋ. Fúair tú marsin amm ḋuit féin, mar atá a níuġ.

11 Agus do roinn tú a nfairge rompa, iondus go ndeaċadar tré ṁeaḋon na fairge air ṫalaṁ tirim; agus gur ṫeilg tú luċd a ḃfoileanṁana annsna haigéanuiḃ, aṁuil ċloiċ annsna huisgeaḋuiḃ neartṁara.

12 Tuilleaṁ oile do ṫréoruiġ tú íad san ló le piléur néullaṁuil; agus annsa noiḋċe le piléur teineaḋ, do ṫaḃairt soluis dóiḃ annsa tsliġe iona raċaidís.

13 Ṫáinic tú a núas mar an gcéadna ar slíaḃ Sínai, agus do laḃair tú ríu ó neaṁ, agus ṫug tú breiṫeaṁnuis ċearṫa ḋóiḃ, agus dliġeaḋ fire, reaċta agus aiṫeanta maiṫe:

14 Agus dfoillsiġ tú ḋóiḃ do ṡábbóid náoṁṫa, agus dfúagair tú ḋóiḃ aiṫeanta, reaċda, agus dliġṫe, lé láiṁ Ṁaoise do ṡerḃísiġ:

15 Agus ṫug tú ḋóiḃ arán ó neaṁ iona nocarus, agus ṫug tú uisge amaċ ċuca as an ccarruic ċum a ttarta, agus do ġeall tú ḋóiḃ go raċaidís a steaċ a seilḃ na tíre noċ do ṁionnuiġ tú do ḃéarṫá ḋóiḃ.

16 Aċt do rinneadar féin agus ar naiṫrene go hanuáiḃreaċ, agus do ċrúaḋuiġeadar a muinéil, agus níor uṁluiġeadar dot aiṫeantuiḃse,

17 Agus do ḋíultadar uṁluġaḋ, agus ní raḃadar cuiṁneaċ ar na hionġantuiḃ do rinne tusa na measc; aċt do ċruáiḋeadar a muinéil, agus iona cceannairc do órduiġeadar caiptín ċum iompóġ dá ndaóirsine féin: aċt is Día ṫusa réiġ ċum maiṫṁeaċuis, grásaṁuil agus trócaireaċ, mall ċum feirge, agus lán do ċinéul, agus níor ṫréig tú íad.

18 A nuáir fós, do rinneadar láoġ leaġṫa ḋóiḃ féin, agus a duḃradar, Isé so do Ḋía ṫug amaċ ṫú as an Négipt, agus doibriġeadar mórán brostuiġṫe;

19 Ṫairis sin tusa an hiomad trócuire níor ṫréig tú íad ansa ḃfásaċ: níor ḋealuiġ piléur an neóill ríu do ló, ḋa ttréoruġaḋ annsa tsliġe; nó piléur na teineaḋ san noiḋċe, do ṫaisbeanaḋ soluis dóiḃ, agus na sliġeaḋ ionar ċóir ḋóiḃ dul.

20 Ṫug tú mar an ccéadna do spiorad maiṫ ċum a tteagaisc, agus níor ċonnuiṁ tú do ṁanna ó na mbéul, agus ṫug tú uisge ḋóiḃ ċum a ttarta.

21 Do ċoṫuiġ tú fós ceaṫraċad blíaḋuin íad annsa ḃfásaċ, iondus naċ raiḃ eínní deasḃuiḋ orra; níor ċríon a néadaċ, agus níor atadar a ccosa.

22 Tuilleaṁ fós ṫug tú rioġaċta agus cineaḋaċa ḋoiḃ, agus do roinn tú íad a ccoirnéuluiḃ: marsin do ṡealḃuiġeadar tír Ṡihon, agus dúiṫċe ríġ Hesbon, agus dúiṫċe Og ríġ Basan.

23 Do ḟoirlíon tú a cclann mar an ccéadna aṁuil réultanna a naiéir, agus ṫug tú don tír íad, a ttaoḃ a ttug tú geallaḋ ḋá naiṫriḃ, go raċaidís a steaċ dá sealḃuġaḋ.

24 Mar sin do ċúadar an ċlann a steaċ agus do ṡealḃuiġeadar an dúiṫċe, agus do ċlaóiḋ tusa ḋóiḃ áitreaḃuiġ na tíre, na Canaanitiġ, agus ṫug tú iona láṁuiḃ íad, maille re na ríġṫiḃ, agus re dáoiniḃ na tíre, go ndéindis ríu mar do ṫoigeóraidis féin.

25 Agus do ġaḃadar caiṫreaċa daingne, agus dúiṫċe ṁéiṫ, agus do ṡealḃuiġeadar tiġṫe lán don nuile ṁaóin, toibreaċa toċuilte, fíneaṁnaċa, agus luḃġoirt ola, agus croinn ṫoruiḋ go lór: iondus gur iṫeadar, agus gur líonaḋ íad, agus gur ḟásadar méiṫ, agus gur ṡólásuiġeadar íad féin ann do ṁaiṫeas mórsa.

26 Ṫairis sin do ḃádar easúṁal, agus do ċaṫuiġeadar ad haġaiḋsi, agus do ṫeilgiodar do ḋliġeaḋ táoḃ ṡíar dá ndruim, agus do ṁarḃadar ṫfáiġe noċ do níoḋ fiaḋnuise na naġaiḋ dá bfilleaḋ ċugadsa, agus do oibriġeadar glúasaċta móra.

27 Uime sin do ṡeaċuid tusa íad a láiṁ a náṁad, noċ do ġortuiġ íad: agus a naimsir a naindeisi, a nuáir do éiġeadar ortsa, do ċúala tú ó ḟlaiṫeas íad; agus do réir iomaid do ṫrócaire ṫug tú luċd caḃarṫa ḋóiḃ, noċ do ṡáor íad as láiṁ a náṁad.

28 Aċt tar éis socaṁuil dfaġáil dóiḃ, do rinneadar a rís olc ad ḟiaḋnúisi: uimesin dfág tú a láiṁ a náṁad íad, íondus go raiḃ úaċdaranaċd aca orra: ar a ṡonso a nuáir do ḟilleadar, agus déiġeadar ortsa, do ċúala tú ó neaṁ íad; agus do ṡáor tú mórán duáiriḃ iád do réir do ṫrócaire;

29 Agus do níṫeá fiaḋnuisi na naġaiḋ, iondus go ḃféadfa a ttaḃairt a ris fad ḋliġeaḋ: do rinneadar fós go huáiḃreaċ, agus níor éisteadar red aiṫeantuiḃse, aċt do ṗeacuiḋeadúr a naġaiḋ do ḃreiṫeaṁnusa, (noċ má ní duine, mairfiḋ sé ionta;) agus do ṫarruingeadar ċuca a nguaille, agus do cruáiḋiġeadar a muinéil, agus nior ḃáill leo éisdeaċd.

30 Giḋeaḋ diomċuir tusa léo ar feaḋ móráin blíaḋan, agus dfiaḋnuiġ tú na naġaiḋ led spiorad ann ṫfáiġiḃ: aċd nior éisteadar: uimesin ṫug tú íad a láiṁ ṁuinntire na duiṫċe.

31 Ṫairis sin ar son do ṫrócaire móire níor ḋíṫlaiṫriġ tú ṫríd a maċ íad, níor ṫréig tú íad; óir is Día grasaṁuil trócaireaċ ṫú.

32 Anois ar a naḋḃarsin ó ar Ndíane, an Día mór cuṁaċtaċ, agus úaṫḃásaċ, noċ ċoiṁlíonus cunnraḋ agus trócaire, na míṁeastar ad laṫair an buáiḋreaḋ, noċ ṫáinic oruinne, air ar ríoġuiḃ, air ar bprionnsaḋuiḃ, agus air ar sagartuiḃ, agus air ar ḃfáiġiḃ, agus air ar naiṫriḃ, agus ar do ṗobal uile, ó aimsir ríġ na Hassíria gus a niuġ.

33 Aċt ċeana atá tusa ceart ann gaċ ní dá ttáinic oruinn; óir do rinne tú cóir, agus do rinneamairne go ciontaċ:

34 Agus níor ċongṁadar ar ríġṫe, nó ar bprionnsaḋa, ar sagairt, nó ar naiṫre, do ḋliġeaḋ, agus níor uṁluiġeadar dot haiṫeantuiḃ nó dot ḟiaġnuisiġiḃ, ler ḟiaġnuiḋ tú na naġaiḋ.

35 Oír ní ḋéarnadar foġnaṁ ḋuit ann a rioġaċt, agus ar son do ṁaiṫeasa móire ṫug tú ḋóiḃ, agus a nfearuinn ḟairsing ṁéiṫ do ċuir tú as a ccuinne, níor ḟilleadar ó na ndroċoibreaċaiḃ.

36 Féuċ, atámaóid ar serḃíseaċaiḃ a niuġ, agus an fearann ṫug tú dar naiṫriḃ diṫe a ṫoruiḋ, agus a ṁaiṫeasa, féuċ, atá maóidne ar serḃíseaċaiḃ ann:

37 Agus is mór an tarḃa do ḃeir sé do na ríoġuiḃ noċ do ċuir tú ós ar ccionn ar son ar bpeacuiḋ: atá fós tiġearnus aca ós cionn ar ccorp, agus ós cíonn ar náirnéise, air a ttoil féin, agus atámaóidne a naṁġar ṁór.

38 Agus da ḃríġ so uile do nímid cunnraḋ daingean, agus scríoḃṫam é; agus cuirfid ar bprionnsaḋa, ar Leḃítiġ, agus ar sagart séula air.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan