Nehemia 8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VIII. Do ġuil an pobal ag éisteaċd re dliġe Dé ó Esra. 9 Aċt diarraḋ orra bi gairdeaċ. 1 Agus do ċruinniġ an pobal íad féin a ḃfoċair a ċéile aṁuil áonduine annsa tsráid do ḃí as coinne ġeata a nuisge; agus do laḃradar re Hesra an scriḃneóir do ṫaḃairt leaḃair ḋliġe Maoise leis, noċ do aiṫin an TIĠEARNA do Israel. 2 Agus ṫug Esra an sagart an dliġeaḋ as coinne an ċoṁċruinniġ fear agus ban, an ṁéid lear ḃféidir a ċlos maille re tuigsin, ar an ccéad lá don tseaċtṁaḋ mí. 3 Agus do léiġ sé ann a ḃfiaḋnuisi na sráide do ḃí as coinne geata a nuisge ó ṁaidin go meaḋon laói, a laṫair na ḃfear agus na mban, agus na méide dféud a ṫuigsin; agus do ḃádar clúasa an ṗobail uile aireaċ ar leaḃar an dliġe. 4 Agus do ṡeas Esra an scriḃneoir ar ċrannġaille do rinneadar déantoisc dó sin; agus re na ṫáoḃ do ṡeas Mattitiah, agus Sema, agus Anaiah, agus Uriiah, agus Hilciah, agus Maaseiah ar a láiṁ ḋeis; agus air a láiṁ ċlé, Pedaiah, agus Missael, agus Malċiah, agus Hassum, agus Hasbadana, agus Seċariah, agus Mesullam. 5 Agus dfoscuil Esra an leaḃar a raḋarc an ṗobuil uile, (óir do ḃí sé ós cionn an ṗobail uile); agus a nuáir dfoscuil sé é, do ṡeasadar an pobal uile súas: 6 Agus do ḃeannuiġ Esra an TIĠEARNA, an Día mór. Agus do ḟreagair an pobal uile, Amen, Amen, ag tógḃáil a laṁ súas: agus do ċromadar a ccinn, agus do aḋradar an TIĠEARNA le na naiġṫiḃ ċum na talṁan. 7 Mar an ccéadna ṫug Iessua, agus Báni, agus Ṡerebiah, Iamin, Accub, Sabbetai, Hediiah, Maaseiah, Celita, Asariah, Iosabad, Hanan, Pelaiah, agus na Leḃítiġ, ar an bpobal an dliġeaḋ do ṫuigsin: agus do ṡeasadar na daóine iona náit. 8 Marsin do léiġeadar annsa leaḃar dliġeaḋ Dé go soilléir, agus ṫugadar a ċíall úaṫa, agus ṫugadar orra an leiġṫeóireaċt do ṫuigsin. 9 ¶ Agus Nehemiah, noċ asé an Tirsata, agus Esra an sagart an scriḃneóir, agus na Leḃítiġ do ṫeagaisc an pobal, a duḃradar rís an bpobal uile, Atá an lá a niuġ náoṁṫa don TIĠEARNA ḃur Ndía; ná déanuiḋ doilġios, nó gul. Oir do ġuil an pobal uile, a nuáir do ċúaladar bríaṫar an dliġe. 10 Ann sinn a duḃairt sé ríu, Imṫiġiḋ roṁuiḃ, iṫiḋ an méaṫus, agus iḃiḋ an ṁillsi, agus cuiriġ roinn ċum na druinge dá nar hullṁuiġeaḋ éinní: óir atá an láso náoṁṫa dar TTIĠEARNA: narab mó ḃías doilġios oruiḃ; óir isé gáirdeaċus an TIĠEARNA ḃur neart. 11 Marsin do ċoisgeadar na Leḃitiġ an pobal uile, ġa ráḋ, Bíṫí ḃur ttoċd, óir atá an lá naoṁṫa, agus na bíṫí dóbrónaċ. 12 Agus dimṫiġeadar an pobal uile rompa diṫe, agus dól, agus do ċur ronna úaṫa, agus do ḋéanaṁ sóláis ṁóir, do ḃríġ gur ṫuigeadar na bríaṫra do foillsiġeaḋ ḋóiḃ. 13 ¶ Agus ar an dara lá do ċruinníġ a ḃfocair a ċéile toġa na naiṫreaḋ don ṗobal éile, na sagairt, agus na Leḃítiġ, go Hesra an scríḃneóir, eaḋon do ṫuigsin ḃriaṫar an dliġe. 14 Agus fúaradar scríoḃṫa annsa dliġeaḋ noċ do aiṫin an TIĠEARNA tré Ṁaóise, go ndeindís clann Israel coṁnuiġ a mboṫuiḃ a ḃféasta an seaċtṁaḋ mí. 15 Agus go ḃfoillseoċaidís agus go ḃfuáigeoradís iona ccaiṫreaċaiḃ éile, agus ann Ierusalem, ḋa ráḋ, Eirġiḋe amaċ fán tslíaḃ, agus tugaiḋ liḃ cráoḃa do ċrann ola, agus géaga pínċroinn, agus cráoḃa mirtil, agus cráoḃa pailme, agus beangáin do ċrannuiḃ tiuġa, dó ḋéanaṁ boṫa, mar atá scríoḃṫa. 16 ¶ Marsin do ċuáiḋ an pobal amaċ, agus ṫugadar léo íad, agus do rinneadar boṫa ḋóiḃ féin, gaċ áon ar ṁullaċ a ṫiġe féin, agus iona ccúirtiḃ, agus a ccúirtiḃ ṫiġe Dé, agus a sráid ġeata a nuisge, agus a sráid ġeata Eṗraim. 17 Agus do rinnedar an coṁċruinniuġaḋ uile an ṁéid ṫáinic a rís as a ndáoirsine ḋíoḃ boṫa, agus do ṡuiġeadar faói na boṫuiḃ: ó láeṫiḃ Iesua ṁic Nun go nuige an lásin ní ḋéarnadar clann Israel marsin. Agus do ḃí roġáirdeaċus mór annsin. 18 Marsin lá ar lá on ccéadlá go nuige an lá deiġionaċ, do léiġ sé a leaḃar dliġe Dé. Agus do ċonngṁadar an féasta seaċd lá; agus ar a noċtṁaḋ lá do ḃí oireaċdus sóllamonta, do réir an ġnáṫa. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society